Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 21
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 21:1-31

Seanfhocail

21 Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce;

iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.

2 D’fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,

ach meánn an Tiarna an croí.

3 An ceart is an chóir a dhéanamh,

is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.

4 Súile uaibhreacha agus croí díomasach,

is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.

5 Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;

an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.

6 Gnothú maoine le teanga bhréagach,

gal soip é agus baol báis.

7 Déanfaidh foréigean na n-urchóideach iad a scriosadh,

mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.

8 Is cam é casán an chiontaigh,

ach is íon é iompar an duine ionraic.

9 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,

ná bheith in aontíos le bean achrainn.

10 Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;

ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.

11 Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;

foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.

12 Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,

agus basctar na héagráifigh de dheasca a n-urchóide.

13 An té a thugann cluas bhodhar d’éamh an bhochtáin

nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.

14 Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,

agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.

15 Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,

ach is uafás é do na hurchóidigh.

16 An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,

ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.

17 Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin;

agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.

18 Tá an t-urchóideach mar gheall leis an bhfíréan,

agus an feallaire leis an ionraic.

19 Is fearr cur fút san fhásach

ná le báirseach cancrach mná.

20 Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna,

ach déanfaidh an t-amadán é a alpadh.

21 An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas,

beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.

22 Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh,

agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.

23 An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga,

seachnaíonn sé tubaiste.

24 Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais,

agus bíonn éirí in airde ina iompar.

25 Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin,

mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.

26 Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc,

ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.

27 Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n-urchóideach,

agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

28 Déanfar an finné bréige a mhilleadh,

ach tabharfar cluas i gcónaí d’fhocail an duine ghéilliúil.

29 Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach;

déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.

30 Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle

an fód in aghaidh an Tiarna.

31 Déantar an t-each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha,

ach is é an Tiarna a bheireann bua.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn