Seanfhocail
25 Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.
2 Rún a cheilt glóir Dé,
ach é a ransú go grinn glóir ríthe.
3 Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh,
níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.
4 Scag an dríodar ón airgead
agus tiocfaidh sé amach glan.
5 Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí
agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.
6 Ná bíodh mustar ort i láthair an rí,
agus ná seas in áit na bhflatha,
7 Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,”
ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa.
An rud a chonaic do shúile,
8 ná sceith é go róthobann sa chúirt.
Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh
má bhréagnaíonn do chomharsana thú?
9 Tagair do chúis le do chomharsa,
ach ná sceith rún duine eile,
10 Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat,
agus go gcaillfeá do chlú go léir.
11 An focal i luí gaidhte,
is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.
12 Fáinne óir nó ornáid d’ór fíre,
sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.
13 Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair
an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta;
cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.
14 Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne,
sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.
15 Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne;
briseann béal bán cnámh.
16 Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di,
ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.
17 Téigh go hannamh go teach do chomharsan,
le heagla go n-éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.
18 Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar
an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.
19 Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta
fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;
20 bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann.
Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht
amhráin a chasadh do chroí duairc.
21 Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n-ithe dó;
nó tart, tabhair braon le n-ól dó.
22 Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin,
agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.
23 Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh,
agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.
24 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,
ná bheith in aontíos le bean achrainn.
25 Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,
dea-scéala ón gcoigríoch.
26 Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,
an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.
27 [Ní maith í póit mheala,
ná géilleadh do bhladar.]
28 An fear gan smacht air féin,
is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.