Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 29
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 29:1-27

Seanfhocail

29 An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,

bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

2 Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;

nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

3 An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;

ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.

4 Daingníonn rí a thír lena cheartas,

ach milleann an feallaire é.

5 An té a thugann bladar dá chomharsa,

leathann sé líon faoina chosa.

6 Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,

ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

7 Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht.

ní chuireann a leithéid d’eolas as don urchóideach.

8 Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,

ach cuireann saoithe srian le fearg.

9 Téadh saoi chun argóna le daoi,

ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.

10 Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,

ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

11 Scaoileann an t-amadán lena racht feirge,

ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

12 Má éisteann rialtóir le héitheach,

beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

13 Castar an bochtán agus an t-úsaire ar a chéile;

cuireann an Tiarna léas ina súile araon.

14 Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,

bunófar a ríchathaoir go brách.

15 Bronnann an bata agus an ceartú gaois,

ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

16 Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;

ach feicfidh na fíréin ar lár iad.

17 Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;

cuirfidh sé áthas ar do chroí.

18 San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;

ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.

19 Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;

fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.

20 An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?

tá níos mó dóchais ann d’amadán ná dósan.

21 An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,

eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

22 Adhnann an fear drochmhianaigh achrann,

agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

23 Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt,

ach bainfidh an t-uiríseal ó chroí onóir amach.

24 Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin;

cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.

25 Is gaiste é eagla roimh dhaoine,

ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.

26 Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir,

ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.

27 Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach;

agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn