Seanfhocail
26 Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar,
agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.
2 Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann,
ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.
3 Lasc don each, srian don asal
agus bata do dhroim na n-amadán.
4 Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise,
le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
5 Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise
le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.
6 An té a chuireann amadán ar theachtaireacht,
(gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.
7 Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe,
sin mar atá seanfhocal i mbéal na n-amadán.
8 Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill,
onóir a thabhairt d’amadán.
9 Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceora
seanfhocal i mbéal amadán.
10 Is cuma nó áirseoir a ghoineann gach duine a ghabhann an treo,
an té a fhostaíonn amadán [nó meisceoir].
11 Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag
an t-amadán a fhilleann ar a bhaois.
12 An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin?
Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.
13 “Tá leon ar an mbóthar,” a deir an leisceoir,
“tá leon sna sráideanna.”
14 Dála na comhla a chasann ar a tuislí,
casann an leisceoir ina leaba.
15 Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias
ach tá sé róthraochta le hé a bhreith chun a bhéil.
16 Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin
ná seachtar fear a d’fhreagródh le stuaim.
17 Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin
dul sáite in achrainn na gcomharsana.
18 Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine
saigheada agus bás,
19 Sin é mar atá ag an té a mheallann a chomharsa
agus a deir ansin: “Ní raibh ann ach seó!”
20 Cheal brosna téann an tine in éag;
cheal cúlchainteora, téann aighneas chun suain.
21 Gualach don ghríosach, brosna do thine,
agus fear achrainn le haighneas a adhaint.
22 Is geall le sólais bhlasta focail an chúlchainteora,
sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
23 Is cuma nó gléas airgid ar áras cré
beola sleamhna le croí claon.
24 An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha;
agus an feall go domhain istigh.
25 Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách,
óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.
26 Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois,
déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.
27 An té a thochlann poll, titeann sé ann,
agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.
28 Is gráin leis an mbéal bréagach an fhírinne,
agus is scriostóir é an béal bán.