Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 27
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 27:1-27

Seanfhocail

27 Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach,

mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.

2 Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é;

déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.

3 Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh,

ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.

4 Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,

ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

5 Is fearr ceartú os ard

ná grá faoi cheilt.

6 Créachta gan ghoimh a thugann cara;

is iomadúil iad póga eascarad.

7 Is beag ar an sáitheach mil,

ach is milis leis an ocrach gach searbh.

8 Is cuma nó éan ar fán óna nead

fear atá ar fán óna bhaile.

9 Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,

ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.

10 Ná tréig do chara, ná cara d’athar;

ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.

Is fearr comharsa i mbéal an dorais

ná deartháir i bhfad ó bhaile.

11 “Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí,

le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.

12 Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;

téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

13 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir,

bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.

14 An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine,

áireofar é a bheith ag mallachtú.

15 Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí,

báirseoir mná;

16 Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe,

nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.

17 Iarann a chuireann faobhar ar iarann;

agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.

18 An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh;

an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.

19 [Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte],

ní ionann croíthe na ndaoine.

20 Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta

ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.

21 Don airgead an breogán, agus don ór an sorn,

agus fear le briathra lucht bladair a mheas.

22 Brúigh an t-amadán sa mhoirtéar le tuairgnín,

(fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

23 Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith,

agus tabhair aire mhaith do do tháinte.

24 Ní buan maoin,

agus an maireann saibhreas ó aois go haois?

25 Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t-athfhás,

agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,

26 Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit,

agus na gabhair cíos do ghort,

27 Agus bainne na ngabhar do sháith bia do do theaghlach,

agus beatha do do bhanseirbhísigh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn