Sailm
Críost: Rí agus Sagart
Salm Dháiví.
110 D’fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:
“Bí i do shuí ar mo dheis
go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”
2 Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta
as Síón amach.
Bí ag rialú i measc do naimhde.
3 Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe
ar na sléibhte naofa;
is leat [an ríogacht ó fhíorthús d’óige].
4 Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:
“Is sagart tú go brách
de réir ord Mheilcizidic.”
5 Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;
déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
6 Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,
déanfaidh sé carn de chonablaigh;
brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.
7 Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;
agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.