Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 28
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 28:1-28

Seanfhocail

28 Teitheann an t-urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;

tá an fíréan chomh cróga le leon.

2 Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;

ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.

3 An bochtán a luíonn ar na bochtáin,

is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n-ithe.

4 Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;

ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n-aghaidh.

5 Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,

ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.

6 Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,

ná fear saibhir na mbealaí claon.

7 Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,

ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.

8 An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,

is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

9 An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,

is gráiniúlacht fiú a urnaí.

10 An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc

titfidh sé isteach ina chuithe féin.

Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.

11 Is críonna é an saibhir, dar leis féin,

ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.

12 Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;

nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.

13 Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;

ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

14 Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,

ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.

15 Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,

drochrialtóir ar phobal bocht.

16 An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;

an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.

17 An té ar a bhfuil fuil duine eile,

beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

18 Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;

ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.

19 Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún,

ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.

20 Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic,

ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.

21 Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;

ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

22 An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;

ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

23 An té a cheartaíonn duine eile

gheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.

24 An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir:

“Ní aon éagóir é sin!”

is comrádaí do bhithiúnach é.

25 Spreagann an santach achrainn;

an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.

26 An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é;

ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.

27 An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche;

ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.

28 Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach,

ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn