Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 9
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
An Bíobla Naofa
Iób 9:1-35

Iób

9 Ansin d’fhreagair Iób agus dúirt:

2 Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá;

Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

3 Dá mb’áil leis conspóid a dhéanamh leis

Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

4 Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart.

Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

5 Eisean a d’aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh;

Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.

6 Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad,

Ionas go gcritheann a colúin go léir.

7 Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n-éiríonn sí,

Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.

8 Eisean amháin a leath na spéartha amach,

Agus a shatail ar thonnta na mara.

9 Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí,

An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.

10 Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse

Agus iontais thar áireamh.

11 Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é;

Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.

12 Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc?

Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

13 Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí

Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.

14 Nach lú ná sin fós a d’fhéadfainnse freagra a thabhairt air,

Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?

15 Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt.

Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.

16 Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé,

Ní chreidim go n-éistfeadh sé le mo bhriathar.

17 Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,]

Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.

18 Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt

Agus a líonann mé le dobrón.

19 Más neart atá i gceist—siúd é an tUilechumhachtach!

Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?

20 Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé;

Dá mbeinn gan choir, d’áiteodh sé coir orm.

21 Mé a bheith neamhchiontach—ní bheadh a fhios sin agam.

Chaithfinn uaim m’anam féin.

22 Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim:

Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.

23 Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann,

Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.

24 Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach;

Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna.

Nó murab eisean, cé heile?

25 Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha;

Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.

26 Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí,

Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

27 Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán,

Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;

28 Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm,

Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

29 Is mise a dhaorfaí,

Cad ab áil liom ag obair in aisce?

30 Dá nífinn mé féin le huisce sneachta,

Agus mo lámha a ghlanadh le buac,

31 Ansin do thumfá mé sa cheachair,

Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.

32 Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air,

Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.

33 Níl aon idirghabhálaí eadrainn,

A leagfadh a lámh orainn araon.

34 Baineadh sé díom a shlat,

Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;

35 Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe,

Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn