Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 84
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Salm 84:1-12

Sailm

Is Méanar dá ndéanann Cónaí i dTeach Dé

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.

84 [84:2] Nach álainn go dearfa d’áras,

a Thiarna na slua!

2 [84:3] Ag meirtniú le méin do m’anam,

santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.

Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,

i nDia – an Dia bithbheo.

3 [84:4] An gealbhan féin, fuair sé teach;

fuair an fháinleog nead di féin

mar a gcuirfeadh sí a hál ag d’altóirí;

a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.

4 [84:5] Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;

beidh siad do do mholadh de shíor.

5 [84:6] Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;

an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.

6 [84:7] Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin,

feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é;

líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

7 [84:8] Téann siad ó neart go neart;

feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.

8 [84:9] A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;

tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah

9 [84:10] Féach, a Dhia, ár sciath;

agus breathnaigh ar aghaidh d’ungthaigh féin.

10 [84:11] B’fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna

ná míle lá in aon áit eile.

B’fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé

ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.

11 [84:12] Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia

a bhronnann orainn grásta agus glóir.

Ní eitíonn sé maitheas ar bith

ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.

12 [84:13] A Thiarna (a Dhia) na slua,

is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn