Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 20
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 20:1-30

Seanfhocail

20 Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;

níl aon chiall ag an té a mheallann sé.

2 Is geall le glam leoin fearg rí,

agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.

3 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,

ach beidh gach amadán ag achrann.

4 Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;

beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.

5 Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;

níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.

6 Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,

ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?

7 An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,

—is méanar dá chlann ina dhiaidh.

8 An rí a shuíonn ina shuí breithimh,

scagann sé gach olc lena shúile.

9 Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,

táim saor ó mo pheaca?”

10 Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;

is gráin leis an Tiarna iadsan araon.

11 Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,

an olc nó an maith a bheidh a bhearta.

12 An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,

is é an Tiarna a rinne iad araon.

13 Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;

bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.

14 “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaí

ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.

15 Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar,

ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.

16 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;

bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.

17 Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,

ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.

18 Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;

agus fear cath le treoir chiallmhar.

19 Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;

ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.

20 Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,

múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.

21 An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,

ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.

22 Ná habair: “Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh”;

ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.

23 Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;

ní maith iad na meánna fealltacha.

24 Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;

conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?

25 Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha.”

agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.

26 Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,

agus tiomáineann an roth tharstu.

27 Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,

ag spiúnadh doimhneas a chroí.

28 Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,

agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.

29 A neart féin glóir na n-ógánach,

ach an ceann liath maise na seanóirí.

30 Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe;

agus glanann buillí an t-ionathar.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn