Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 30
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Salm 30:1-12

Sailm

Buíochas le Dia as ucht an Salmaí a Tharrtháil ón mBás

Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.

30 [30:2] Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé

agus nár lig tú do m’eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.

2 [30:3] D’iarr mé cunamh ort, a Thiarna,

agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.

3 [30:4] Thug tú m’anam as an uaigh, a Thiarna,

shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.

4 [30:5] A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,

gabhaigí buíochas lena ainm naofa.

5 [30:6] Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;

ach maireann a chineáltas ó aois go bás.

Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.

6 [30:7] Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:

“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”

7 [30:8] Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,

ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.

8 [30:9] Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,

chun Dé a chuir mé m’achainí.

“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?

9 [30:10] An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”

10 [30:11] Éist, a Thiarna, go trócaireach;

tar, a Thiarna, i gcabhair orm.

11 [30:12] Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;

bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,

12 [30:13] i dtreo go seinnfidh m’anam do mholtaí gan staonadh.

A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn