Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 108
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Salm 108:1-13

Sailm

Is Gaire Cabhair Dé ná an Doras

108 Tá mo chroí go daingean, a Dhia;

tá mo chroí go daingean;

canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.

2 Múscail, a anam liom!

Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit;

músclóidh mé féin an maidneachan.

3 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna;

molfaidh mé thú i measc na náisiún.

4 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas,

agus do dhílse chun na spéartha.

5 Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia;

bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile.

6 Ionas go ndéanfaí d’aos grá a shaoradh,

fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.

7 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:

“Roinnfidh mé Seicim go ríméadach

agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.

8 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;

is é Eafráim clogad mo chinn.

Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

9 is é Móáb mo bháisín níocháin.

Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg;

agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”

10 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?

Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?

11 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia;

ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?

12 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde,

óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.

13 Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia,

óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn