Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Rómhánaigh 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Rómhánaigh 4:1-25

Rómhánaigh

4 Cad a déarfaimid, mar sin, faoi Abrahám, ár sinsear de réir na feola? 2 Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é, 3 mar cad é seo a deir an scrioptúr: “Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.” 4 Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart. 5 An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t-éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige. 6 Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n-áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:

7 I s aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh

agus ar clúdaíodh a bpeacaí.

8 I s aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a

pheaca ina leith.

9 An do mhuintir an timpeallghearrtha an t-aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”. 10 Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin, 11 mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr; 12 agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.

13 Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh d’Abrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh. 14 Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht. 15 Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread. 16 Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir 17 de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d’athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.

18 Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.” 19 Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin—bhí sé ag tarraingt ar an gcéad—agus ar bhroinn mharbh Shárá. 20 Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia 21 mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcrích. 22 Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”. 23 Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é” 24 ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna, 25 a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn