Sailm
Aoibhneas an Fhíréin
Salm aibítreach
112 Alleluia.
Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna;
a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
2 Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;
is beannaithe clann an duine ionraic.
3 Beidh maoin is maitheas ina theaghlach;
mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
4 Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine;
is trócaireach é, is fial, is ionraic.
5 Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;
riarann sé a ghnó go ceart onórach.
6 Ní chorrófar an fíréan choíche;
mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
7 Ní chuirfidh drochscéala eagla air;
is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
8 Is dílis daingean a chroí gan eagla;
feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.
9 Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair;
maireann a fhéile go brách agus choíche.
Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.
10 Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile.
Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé;
agus meathfaidh mian an urchóidigh.