Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 144
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Salm 144:1-15

Sailm

Ar Son Bua agus Síochána

[Salm] Dháiví.

144 Moladh leis an Tiarna, mo charraig,

a oileann mo lámha chun catha;

agus fós mo mhéara chun cogaidh.

2 Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean;

is é mo dhún é agus m’fhuascailteoir;

mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas;

cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.

3 A Thiarna, cad é an duine go dtógfá ceann de,

nó mac an duine go mbeadh meas agat air?

4 Is cosúil an duine le puth anála;

agus a ré le scáil a ghabhann thart.

5 Ísligh do spéartha agus tuirling;

bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach.

6 Teilg amach uait na splancacha agus scaip iad;

scaoil uait do shaigheada á dtreascairt.

7 Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradh

is a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n-eachtrannach,

8 a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,

agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.

9 Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia;

seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.

10 Óir is tú a thugann an bua do ríthe;

agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.

11 Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé;

sábháil ó láimh na n-eachtrannach mé,

a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,

agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.

12 Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn,

agus iad ag fás ina n-óige;

gura cosúil ar n-iníonacha le colúin chúinne,

arna snoí mar cholúin an teampaill.

13 Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh,

agus ár dtréada ag breith ina mílte,

agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.

14 Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna;

ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht,

ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.

15 Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh;

an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn