Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 38
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Salm 38:1-22

Sailm

Urnaí Aithrígh le linn Tinnis

Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

38 [38:2] A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fhearg;

ná déan mo smachtú i do chuthach.

2 [38:3] Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam

agus tháinig do lámh anuas orm.

3 [38:4] Ní slán do mo cholainn de dheasca d’fheirge

níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.

4 [38:5] Óir d’éirigh mo chionta os mo chionn

agus luíonn siad ina n-ualach róthrom orm.

5 [38:6] Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu

de dheasca mo dhíchéille féin.

6 [38:7] Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;

triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.

7 [38:8] Tá mo leasracha arna líonadh d’othras,

níl folláine ar bith i mo cholainn.

8 [38:9] Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,

is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.

9 [38:10] Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,

níor ceileadh ort m’osnaí ach oiread.

10 [38:11] Tá mo chroí ag preabadh; d’imigh mo neart uaim,

agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.

11 [38:12] Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,

agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,

mar gheall ar mo chréachtaí.

12 [38:13] An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham –

an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,

beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.

13 [38:14] Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineann

le balbhán nach n-osclaíonn a bhéal;

14 [38:15] amhail duine nach gcluineann dada ar bith

’s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige.

15 [38:16] Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,

is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.

16 [38:17] Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orm

an uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,

nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”

17 [38:18] Óir táimse ar tí titim faoi láthair;

bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.

18 [38:19] Admhaím mo chion is mo pheaca;

is buartha go fíor mé dá dheasca.

19 [38:20] Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar

agus is líonmhar lucht m’fhuatha gan fáth,

20 [38:21] a thugann an t-olc uathu i gcúiteamh na maithe

agus a chuireann i m’aghaidh toisc go leanaim den mhaith.

21 [38:22] Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!

ná bíse i bhfad uaim choíche!

22 [38:23] Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,

a Thiarna, is tú mo shlanú.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn