Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 38
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Íseáia 38:1-22

Íseáia

38 Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.” 2 D’iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna: 3 “Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d’iompair mé mé féin i d’fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.

4 Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia: 5 “Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d’urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol. 6 Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.” 7 D’fhreagair Íseáia: “Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé. 8 Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d’fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.

9 Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.

10 Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa

ní foláir dom imeacht liom

go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé

ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.

11 Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó

i dtír na mbeo,

ní fheicfidh mé a thuilleadh

aon duine de mhuintir an tsaoil seo.

12 Tá m’áit chónaithe bainte dhíom,

tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí;

mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat,

agus tú ar tí an uige a ghearradh.

Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,

13 agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine;

tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad,

ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.

14 Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach,

tá mé ag olagón ar nós colúir;

tá mo shúile á n-iompú agam i dtreo na n-ard,

amharc i mo dhiaidh agus bí i d’urra agam.

15 Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna,

ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo;

beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé,

agus m’anam go goirt ionam istigh.

16 Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m’anam beo i do chuideachta;

is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.

Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.

17 Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;

is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,

óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.

18 Ní thugann Seól moladh duit,

ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;

an dream a théann síos sa duibheagán,

níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.

19 An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú,

mar a dhéanaim féin inniu.

Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.

20 Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil;

mar sin seinnfimid ceol molta ar théada

laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.

21 Dúirt Íseáia: “Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.” 22 Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn