Sailm
Altú Buíochais
Le Dáiví.
138 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí;
óir d’éist tú le briathra mo bhéil.
Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n-aingeal;
2 agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.
Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse,
a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
3 D’éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;
agus chuir tú le neart m’anama.
4 Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,
nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
5 Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:
“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”
6 Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t-íseal;
ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
7 Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,
tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m’eascairde.
Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh;
agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
8 Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom.
Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna;
ná caith dímheas ar shaothar do lámh.