Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 35
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Salm 35:1-28

Sailm

Urnaí in Aghaidh an Namhad

[Salm le] Dáiví.

35 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:

cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.

2 Gabh chugat do sciath agus do lúireach,

agus éirigh do mo chúnamh.

3 Beartaigh an ga agus [an tsleá]

in aghaidh lucht mo thóraíochta.

Abair le m’anam, a Thiarna:

“Is mise do shlánú.”

4 Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream

atá ar tí mo mharaithe.

Go gcuirtear ar gcúl faoi náire

lucht beartaithe oilc i m’aghaidh.

5 Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu

amhail cáith roimh an ngaoth;

6 go raibh a slí go sleamhain dúdhorcha

agus aingeal Dé ar a dtí.

7 Leathadar a líon dom gan chúis:

rinneadar uaigh dom gan ábhar.

8 Go dtaga orthu díothú gan choinne;

go gceaptar iad féin

sa líon a chuir siad i bhfolach romham.

Go dtite siad sa chlais.

9 Déanfaidh m’anamsa lúcháir sa Tiarna:

déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.

10 Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:

“Cé is cosúil leat, a Thiarna,

an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,

an duine dealbh ón tíoránach?”

11 Éiríonn finnéithe bréige i m’éadan

do mo cheistiú ach mé aineolach.

12 Díolann siad an t-olc in aghaidh na maithe liom:

tá m’anam go brónach.

13 Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;

chiapas m’anam le troscadh.

Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn

14 ar dheartháir liom nó cara;

mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,

bhí mé crom le cumha.

15 Ach anois, ó tá mé san fhaopach

cruinníonn siad faoi áthas.

Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh,

’s iad ag tromaíocht gan scíth orm.

16 Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,

is a bhfiacla ag díoscán i m’aghaidh.

17 Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?

Tar agus fóir orm!

Déan m’anam a fhuascailt óna n-ionsaithe;

m’anam ó na leoin.

18 Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;

molfaidh mé thú sa slua.

19 An dream atá ina naimhde gan chúis dom,

nár dhéana siad gairdeas umam.

Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,

nár chaocha siad a súile orm.

20 Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:

cumann siad cealg ina n-aghaidh.

21 Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:

“Há, há! Nach bhfacamar féin é!”

22 Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;

ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!

23 Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta

a Dhia liom; a Thiarna bí liom.

24 Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;

ná maídís a mbua orm, a Dhia.

25 Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”

Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”

26 An dream lenarb áil mo dhochar,

go raibh náire is míchlú orthu!

Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis

lucht maíte i m’éadan.

27 Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,

agus abraidís gan sos:

“Moladh leis an Tiarna lenarb áil

sonas a sheirbhísigh!”

28 Agus foilseoidh mo theanga d’fhíréantacht

agus do mholadh ar feadh an lae.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn