Zafainiá
ZAFAINIÁ
1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Zafainiá, mac Chúisí, mhic Ghadailiá, mhic Amairiá, mhic Hiziciá, in aimsir Ióisíá, mhic Ámón, rí Iúdá.
2 “Táim ar tí léirscrios a dhéanamh
ar gach ní atá ar dhromchla an domhain,
a deir an Tiarna.
3 Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch;
scriosfaidh mé éanlaith an aeir
agus éisc na farraige
(agus gach ábhar scannail
agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc)
agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil
de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
4 Agus sínfidh mé amach mo lámh
in aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim,
agus scuabfaidh mé chun siúil
gach rian de Bhál as an áit seo,
mar aon le hainmneacha
a sheirbhíseach agus a shagart
5 iad siúd a shléachtann
roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe
agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna
ach a mhionnaíonn dar Miolcom
6 (agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna
agus nach lorgann é
agus ar beag orthu é).”
7 Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia!
óir tá lá an Tiarna in achmaireacht.
Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú
agus a chuid aíonna a choisreacan.
8 “Ar lá íobartha an Tiarna
smachtóidh mé na feidhmeannaigh
agus clann mhac an rí
agus na daoine go léir
a chaitheann cultacha coimhthíocha.
9 An lá sin smachtóidh mé
na daoine go léir a léimeann thar an tairseach
agus a líonann pálás a dtiarna
le foréigean agus le camastaíl.
10 An lá sin, a deir an Tiarna,
cloisfear gáir ó Gheata na nIasc
agus uallfartach ón mBaile Nua
agus callán mór ó na cnoic.
11 Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir;
mar díothófar an lucht trádála go léir
agus scuabfar chun siúil
lucht meáite uile an airgid.
12 An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn
agus smachtóidh mé na daoine sin
atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh
agus a deir ina gcroí istigh:
‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh,
olc maith ná donaí.’
13 Mar sin de déanfar slad ar a maoin
agus léirscrios ar a dtithe.
Fiú má thógann siad tithe
ní chónóidh siad iontu,
agus má chuireann siad fíniúna
ní ólfaidh siad a bhfíon.”
14 Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht;
tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas;
ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha;
fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.
15 Lá díbheirge an lá sin,
lá buartha agus angair,
lá léirscriosta agus millte,
lá dorchadais agus doiléire,
lá scamall agus dúnéalta,
16 lá blosctha stoc agus gártha catha
in aghaidh bailte daingne
agus túr ard coirnéil.
17 Agus cuirfidh mé
an oiread sin anró ar dhaoine
go mbeidh siad ag amharcaíl rompu
amhail daoine dalla,
mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna
scaipfear a gcuid fola mar dheannach
agus a gcuid feola mar aoileach.
18 Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir
iad a shábháil.
Ar lá dhíbheirg an Tiarna
ídeofar an domhan go léir
le tine a chuid éada.
Cuirfidh sé deireadh,
is ea deireadh dithneasach,
le háitritheoirí uile an domhain.