Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp21 Uimhir 2 leathanaigh 4-6
  • An mBeidh Deireadh Leis an Domhan Seo?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An mBeidh Deireadh Leis an Domhan Seo?
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Céard Nach mBeidh Deireadh Leis?
  • Céard a Chuirfear Deireadh Leis?
  • TEASTAÍONN—Deireadh a Chur le Rialtais Dhaonna
  • An Scriosfar an Domhan?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • An dTiocfaidh an Domhan Seo Slán?
    An dTiocfaidh an Domhan Seo Slán?
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
wp21 Uimhir 2 leathanaigh 4-6
Teaghlach sona ag ithe le chéile amuigh faoin aer. Ullmhaíonn an t-athair an bia agus cuireann sé chun boird é.

An mBeidh Deireadh Leis an Domhan Seo?

B’fhéidir gur chuala tú go ndéanann an Bíobla cur síos ar dheireadh an tsaoil. (1 Eoin 2:17) An mbeidh deireadh leis an gcine daonna? An mbeidh gach uile dhúil bheo dá maireann ar an talamh scriosta go hiomlán?

FREAGRAÍONN AN BÍOBLA NACH MBEIDH!

Céard Nach mBeidh Deireadh Leis?

AN CINE DAONNA

An méid atá ráite sa mBíobla: Dia “nár chruthaigh in anord é [an domhain] ach a rinne áit chónaithe de.”—ÍSEÁIA 45:18.

Loch atá timpeallaithe ag sléibhte agus foraois.

AN DOMHAN

An méid atá ráite sa mBíobla: “Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.”—CÓHEILIT 1:4.

AN BHRÍ ATÁ LEIS: Dé réir an Bhíobla, ní scriosfar an domhan go deo agus beidh daoine ina gcónaí air go brách. Mar sin, céard atá i gceist le deireadh an domhain?

SMAOINIGH AR SEO: Déanann an Bíobla comparáid idir deireadh an domhain seo agus an méid a tharla i laethanta Naoi. Ag an am sin, bhí “an talamh lán d’fhoréigean.” (Geineasas 6:13) Ach fear maith ab ea Naoi. Dá bhrí sin thug Dia slán Naoi agus a theaghlach, ach scrios Sé na drochdhaoine le díle. Ag tagairt don díle sin, deir an Bíobla: “gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce.” (2 Peadar 3:6) Ba é sin deireadh an domhain sin. Ach, céard a scriosadh? Ní hé an talamh a scriosadh, ach na drochdhaoine a bhí ar an talamh. Mar sin, nuair a dhéantar tagairt do dheireadh an domhain sa mBíobla, níl sé ag tagairt do scriosadh an phláinéid seo. Tá sé ag tagairt do dheireadh a chur le drochdhaoine, mar aon leis an gcóras reiligiúnach, polaitiúil, agus eacnamaíocht atá ann faoi láthair.

Céard a Chuirfear Deireadh Leis?

FADHBANNA AGUS OLC

An méid atá ráite sa mBíobla: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine. Féach a ionad! ní ann dó feasta. Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle, beidh a n-aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.”—SALM 37:10, 11.

Colláis: 1. Gadaithe a bhfuil a n-aghaidheanna clúdaithe acu ag teacht amach as siopa le hearraí goidte. 2. Tairgeann fear mála atá lán le hairgead d’fhear eile.

AN BHRÍ ATÁ LEIS: Níor chuir an díle mhór in aimsir Naoi deireadh leis an olc go deo. Mar, tar éis na díleann, tháinig drochdhaoine chun cinn, rud a bhain an mhaith as an saol arís do gach duine. Is gearr anois go gcuirfidh Dia deireadh leis an olc. Gealltar sa mBíobla: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine.” Cuirfidh Ríocht Dé, rialtas a rialóidh sochaí de dhaoine dílse ó neamh, deireadh le gach olc.

SMAOINIGH AR SEO: An gcuirfidh siad siúd atá ag rialú an domhain faoi láthair fáilte roimh rialtas Dé? Tugann an Bíobla le fios nach gcuirfidh. Cuirfidh siad i gcoinne Ríocht Dé. (Salm 2:2) Cén toradh a bheidh air? Tiocfaidh Ríocht Dé in áit rialtais dhaonna, agus “seasfaidh sé féin go brách.” (Dainéil 2:44) Ach cén fáth go gcaithfear deireadh a chur le rialtais dhaonna?

TEASTAÍONN—Deireadh a Chur le Rialtais Dhaonna

An méid atá ráite sa mBíobla: “Ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.”—IRIMIA 10:23.

Daoine ag siúl in aice le balla atá clúdaithe le póstaeir fheachtais pholaitiúil.

AN BHRÍ ATÁ LEIS: Níor chuir Dia ar chumas an duine é féin a rialú. Níl an duine in ann daoine eile a rialú ná a gcuid fadhbanna a réiteach.

SMAOINIGH AR SEO: Tugann Britannica Academic le fios gur cosúil nach bhfuil aon rialtais in ann “déileáil le fadhbanna cosúil le bochtaineacht, gortaí, galair, tubaiste nádúrtha, cogadh agus foréigean.” Leanann sé ar aghaidh ansin: “Creideann daoine eile . . . nach féidir ach le rialtas domhanda réiteach a fháil ar na fadhbanna seo.” Ach, fiú dá n-aontódh na rialtais go léir, bheadh an domhan fós á rialú ag daoine neamhfhoirfe nach bhfuil in ann na deacrachtaí a luaitear thuas a shárú. Is í Ríocht Dé an t-aon rialtas a bhfuil an chumhacht aici fadhbanna an domhain a réiteach go buan.

Dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh eagla ar dhaoine maithe roimh dheireadh an domhain nó deireadh an chórais urchóidigh seo. Ina ionad sin, is cóir dúinn a bheith ag súil go mór leis mar go mbeidh domhan nua Dé in áit an sean-domhan suarach seo!

Cén uair a tharlóidh sé sin go léir? Míneoidh an chéad alt eile freagra na ceiste sin ón mBíobla.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn