Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp21 Uimhir 2 leathanaigh 10-12
  • Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • TAR SLÁN TRÍ ‘AITHNE A CHUR’ AR DHIA
  • LÉIGH BRIATHAR DÉ, AN BÍOBLA, GACH LÁ
  • IARR CABHAIR AR DHIA
  • An Parthas Nua Domhanda atá i nGar!
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
  • Druid i gCóngar Iehova
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
wp21 Uimhir 2 leathanaigh 10-12

Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé

Léirítear sna hailt roimhe seo go gcuirfidh Dia deireadh go luath leis an gcóras urchóideach atá ann faoi láthair agus a chuid fadhbanna. Is féidir linn a bheith cinnte go dtarlóidh sé seo. Cén fáth? Mar tá sé geallta sa mBíobla:

“Imíonn an saol agus a mhianta ar ceal.”—1 EOIN 2:17.

Is féidir linn a bheith cinnte go dtiocfaidh daoine slán mar geallann an Bíobla:

“An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.”

Dá bhrí sin, chun a theacht slán ní mór dúinn toil Dé a dhéanamh. Chun a fháil amach céard í toil Dé, ní mór dúinn aithne a chur air.

TAR SLÁN TRÍ ‘AITHNE A CHUR’ AR DHIA

Colláis: 1. Banaltra ina suí ar urlár ospidéil agus í maraithe tuirseach. 2. Tógann sí sos sa chaifitéire agus tugann sí faoi deara go bhfuil a comhghleacaí ag léamh iris go sona sásta. 3. Léann a comhghleacaí véarsa ón mBíobla di agus tugann sí cárta teagmhála jw.org di.

Dúirt Íosa: “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin.” (Eoin 17:3) Chun a theacht slán ag deireadh an chórais, agus maireachtáil go deo, caithfidh muid ‘aithne a chur’ ar Dhia. Tá i bhfad níos mó i gceist leis seo ná a admháil go bhfuil Dia ann nó cúpla rud a bheith ar eolas againn faoi. Caithfidh muid a bheith ina gcairde aige. Cosúil le haon chaidreamh eile a theastaíonn uainn a chothú, caithfidh muid am agus obair a chur isteach ann. Breathnóidh muid anois ar roinnt fírinní tábhachtacha ón mBíobla a chabhróidh linn ár gcairdeas le Dia a fhorbairt agus a chothú.

Fírinní a d’Fhoghlaim Muid ón mBíobla

 An bhanaltra, sa mbaile, ag féachaint ar shuíomh gréasáin jw.org.

D’fhoghlaim muid go raibh sé beartaithe ag Dia go mairfidh muid i bParthas ar talamh.

Chruthaigh sé an chéad bheirt, Ádhamh agus Éabha, agus chuir sé ina gcónaí i ngairdín álainn iad ar a dtugtar gairdín Éidin. Bhí siad foirfe, agus chuir Dia gach rud a bhí ag teastáil uathu ar fáil dóibh chun go mbainfidís taitneamh as an saol. D’fhéadfaidís maireachtáil go deo dá bhfanfaidís ina gcairde ag Dia. Ach roghnaigh siad neamhaird a dhéanamh den ordú simplí a thug Dia dóibh.

D’fhoghlaim muid faoin gcúis atá lenár bhfulaingt.

Nuair a bhí an chéad fhear, Ádhamh, easumhal do Dhia, chaill sé an deis maireachtáil go deo, dó féin agus don chuid eile den chine daonna. Míníonn an Bíobla: “Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile.” (Rómhánaigh 5:12) Díreach mar a d’fhéadfadh duine locht géiniteach a fháil óna thuismitheoirí mar oidhreacht, fuair an cine daonna go léir neamhfhoirfeacht ó Ádhamh mar oidhreacht. Is mar gheall ar sin a théann muidne in aois agus a fhaigheann muid bás.

D’fhoghlaim muid faoin méid atá déanta ag Dia cheana féin chun cabhrú linn.

Deir an Bíobla: “Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.” (Eoin 3:16) Chuir Dia Íosa chun na talún le bás a fháil ar ár son. Ag tagairt dó don ghníomh grámhar sin, dúirt fear Indiach, a bhí 86 bliain d’aois: “Léiríonn sé seo an grá as cuimse atá ag Iehovaa dom. Tugann a ghrá dóchas na beatha síoraí dom.”

D’fhoghlaim muid meas a léiriú ar Dhia as ucht a bhfuil déanta aige dúinn.

Deir an Bíobla gur féidir linn ár meas a léiriú as ucht a bhfuil déanta ag Dia dúinn trí “a aitheanta a choinneáil.” (1 Eoin 2:3) Taispeánann Iehova go grámhar dúinn an bealach le taitneamh a bhaint as an saol anois. (Íseáia 48:17, 18) Níl Dia ag iarraidh go mbeadh muid ag fulaingt. Geallann sé má leanann muid a threoir, nach hé amháin go mbainfidh muid taitneamh as saol sona anois ach beidh an deis againn maireachtáil go deo.

LÉIGH BRIATHAR DÉ, AN BÍOBLA, GACH LÁ

Banaltra ag féachaint i dtreo na bhflaitheas tar éis di a bheith ag léamh an Bhíobla taobh amuigh ag am lóin.

Is féidir leat a theacht slán ag deireadh an domhan seo má iarrann tú cabhair ar Dhia agus a thoil a dhéanamh

Itheann muid bia go rialta chun fanacht beo. Ach dúirt Íosa: “Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.”—Matha 4:4.

Tá briathar Iehova le fáil sa mBíobla. Agus tú ag déanamh staidéir ar an leabhar naofa sin, foghlaimeoidh tú fírinní tábhachtacha faoi chaidreamh Dé leis an duine san am a caitheamh, anois agus amach anseo.

IARR CABHAIR AR DHIA

Céard is féidir leat a dhéanamh más mian leat treoir Dé a leanúint ach go bhfuil sé deacair agat stopadh ag déanamh rudaí atá mícheart de réir an Bhíobla? Sa gcás sin, cabhróidh sé go mór leat aithne phearsanta a chur ar Dhia.

Tóg mar shampla bhean Áiseach, a bhí ag caitheamh saol drúisiúil. Nuair a thosaigh sí ag staidéar ar an mBíobla, d’fhoghlaim sí faoi ordú Dé, “Seachnaígí an drúis.” (1 Corantaigh 6:18) D’iarr sí ar Dhia í a láidriú agus bhí sí in ann an droch-chleachtas seo a stopadh. Ach bíonn an cathú ann i gcónaí. “Má thagann smaointe mímhorálta chun cuimhne,” a deir sí, “labhraím go macánta le Iehova, mar tá a fhios agam nach féidir liom é seo a throid liom féin. Cabhraíonn na paidreacha liom dlúthchairdeas a chothú le Iehova.” Cosúil leis an mbean sin, tá na milliún duine ag teannadh isteach le Dia. Tá sé ag cur ar a gcumas na hathruithe a theastaíonn uathu a dhéanamh agus maireachtáil de réir a thola.—Filipigh 4:13.

De réir mar a chuirfidh tú aithne ar Dhia, sea is mó ‘aithne a chuirfidh Dia ort’ mar chara luachmhar. (Galataigh 4:9; Salm 25:14) Ansin beidh an deis agat maireachtáil ar dhomhan nua Dé. Ach cén sórt saoil a bheidh ann an uair sin? Míneofar é sin sa gcéad alt eile.

a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn