SCÉAL 40
Uisce ón Gcarraig
IMÍONN 39 bliain! Agus tá na hIosraelítigh fós sa bhfásach. Ach ar feadh na mblianta seo ar fad tugann Iehobhah aire dá phobal. Beathaíonn sé iad le manna. Treoraíonn sé iad le colún néil i rith an lae agus le colún tine san oíche. Agus ar feadh an ama seo ní chaitheann a gcuid éadaigh agus ní fháigheann a gcosa tinn.
Seo é an chéad mhí den 40ú bliain ó fágadh an Éigipt. Campáileann na hIosraelítigh ag Cáidéis arís. Seo é an áit a raibh siad nuair a cuireadh amach an 12 spiaire go Ca’naan beagnach 40 bliain roimhe seo. Fáigheann Miríám, deirfiúr Mhaois, bás ag Cáidéis. Agus mar a bhí cheann, tá trioblóid anseo.
Níl na daoine in ann aon uisce a fháil. Mar sin déanann siad gearán le Maois: ‘Bheadh muid níos fearr as marbh. Cén fáth ar thug tú amach as an Éigipt muid go dtí an áit uafásach seo nach bhfásann aon ní ann. Níl arbhar, ná figí, ná fíniúna, ná pomagrainítí ann. Níl uisce le n-ól ann fiú.’
Nuair a théann Maois agus Arón go dtí an taibearnacal chun guí, deireann Iehobhah le Maois: ‘Cruinnigh na daoine, agus ós a gcomhair, labhair leis an gcarraig sin thall. Tiocfaidh dóthain uisce as do na daoine agus a n-ainmhithe go léir.’
Cruinníonn Maois na daoine agus deireann sé: ‘Éistigí, sibhse nach bhruil aon mhuinín agaibh i nDia! An gcaithfidh Arón agus mé féin uisce a bhaint as an gcarraig seo díbh? Ansin buaileann sé an charraig faoi dhó le slat, agus tagann sruth mór uisce ag dóirteadh amach as.
Ach tá fearg ar Iehobhah le Maois agus Arón mar go ndúirt siad go raibh siadsan chun uisce a bhaint as an gcarraig. I ndáiríre, ba é Iehobhah a rinne é. Mar nár inis Maois agus Arón an fhírinne faoi seo, deireann Iehobhah go bhfuil sé chun píonós a chuir orthu. ‘Ní threoróidh sibh mo phobal isteach go Ca’naan,’ a deireann sé.
Fágann na hIosraelítigh Cáidéis. Tar éis tamall gearr tagann siad go dtí Sliabh Hor. Anseo ar bharr an tsléibhe, fáigheann Arón bás in aois a 123 bliain. Tá na hIosraelítigh an-bhrónach, agus mar sin caoineann siad Arón ar feadh 30 lá. A mhac, Eileázár a thagann mar an chéad árd shagart eile ar náisiún na hIosraeile.