SCÉAL 53
Geallúint Iefta
RINNE an fear sa bpictiúr seo geallúint a bhí deacair a choinneáil. Sin é an fáth go bhfuil sé chomh brónach. Is breitheamh misniúil ar Iosrael é an fear seo Iefta.
Maireann Iefta in am nach bhfuil na hIosraelítigh ag adhradh Iehobhah níos mó. Mar sin ligeann Iehobhah do mhuintir Amón iad a ghortú. Cuireann seo ar na hIosraelítigh glaoch chuig Iehobhah: ‘Pheacamar in t-aghaidh. Sábháil muid le do thoil.’
Tá brón ar na daoine faoi na drochrudaí atá déanta acu. Taispeáineann siad go bhfuil aiféal orthu tré Iehobhah a adhradh arís. Mar sin tugann Iehobhah cúnamh arís dóibh.
Roghnaíonn na daoine Iefta chun troid in aghaidh na hAmónaigh. Tá Iefta ag iarraidh go mór go dtabharfadh Iehobhah cúnamh dó sa troid. Mar sin geallann sé do Iehobhah: ‘Má thugann tú an bua dom ar na hAmónaigh, tabharfaidh mise duitse an chéad duine a thiocfaidh amach as mo theach chun bualadh liom nuair a fhillfidh mé ón mbua.’
Cabhraíonn Iehobhah le Iefta an bua a fháil. Nuair a fhilleann Iefta abhaile, an bhfuil fhios agat cén chéad duine a thagann amach chun bualadh leis? Is í a iníon í, an t-aon duine clainne atá air. ‘Ó, a iníon!’ a chaoineann Iefta. ‘Nach mór an brón a chuireann tú orm. Ach tá geallúint tugtha agam do Iehobhah agus ní féidir liom é a tharraingt siar.’
Ar dtús bíonn brón ar iníon Iefta faoin ngeallúint. Ciallaíonn sé go gcaithfidh sí a muintir a fhágáil. Ach caithfidh sí an chuid eile dá saol i seirbhís ag taibearnacail Iehobhah i Sileo. Mar sin deireann sí lena hathair: ‘Má tá geallúint tugtha agat do Iehobhah caithfidh tú é a choinneáil.’
Mar sin téann iníon Iefta go Sileo agus caitheann sí an chuid eile dá saol i seirbhís Iehobhah ag a thaibearnacail. Cheithre lá as gach bliain téann mná Iosraeil chun í a fheiceáil ansin agus bíonn am sonasach acu le chéile. Gráíonn na daoine iníon Iefta mar go bhfuil sí ina searbhónta chomh maith sin ag Iehobhah.