Ceacht 7
Ag Cothú Dlúthchairdis le Dia trí Ghuí
Cén tábhacht atá le guí go rialta? (1)
Cé chuige is ceart guí, agus cén chaoi? (2, 3)
Céard is ábhair chearta dár nguí? (4)
Cén uair is ceart guí? (5, 6)
An n-éisteann Dia le gach guí? (7)
1. Séard is guí ann ná labhairt go humhal le Dia. Ba chóir guí chun Dé go rialta. Má dhéanann tú amhlaidh beidh Sé mar a bheadh dlúthchara agat. Tar éis chomh mór agus chomh cumhachtach is atá Dia, éisteann sé lenár nguí! An nguíonn tusa chun Dé go rialta?—Salm 65:2; 1 Teasalónaigh 5:17.
2. Is cuid dár n-adhradh guí. Mar sin is chun Dé, Iehova, amháin is cóir dúinn guí. Nuair a bhí Íosa ar an talamh ghuigh sé i gcónaí chuig a Athair, ní chuig éinne eile. Ba chóir dúinne an rud céanna a dhéanamh. (Matha 4:10; 6:9) Mar sin féin, ba cheart ár nguí ar fad a dhéanamh in ainm Íosa. Léiríonn sé seo go bhfuil meas againn ar stádas Íosa agus go bhfuil muinín againn as a íobairt éirice.—Eoin 14:6; 1 Eoin 2:1, 2.
3. Nuair a ghuímid is cóir dúinn labhairt le Dia ónár gcroí amach. Níor chóir ár nguí a bheith de ghlanmheabhair againn ná é a léamh as leabhar urnaí. (Matha 6:7, 8) Fad is go n-iompraímid go hómósach muid féin, is féidir linn guí ag aon am, agus in aon áit is mian linn. Cloiseann Dia fiú an ghuí chiúin a dhéanaimid inár gcroí. (1 Samúéil 1:12, 13) Is fiú áit chiúin a fháil, amach ó dhaoine eile, lenár nguí phearsanta a dhéanamh.—Marcus 1:35.
4. Céard iad na hábhair gur féidir leat guí ar a son? Rud ar bith a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar do chairdeas leis. (Filipigh 4:6, 7) Léiríonn an phaidir shamplach gur cheart dúinn guí faoi ainm agus chuspóir Dé. Is féidir linn a iarraidh go soláthrófaí riar ár gcáis, go maithfí ár bpeacaí, go dtabharfaí cabhair dúinn le diúltú don chathú. (Matha 6:9-13) Níor cheart dár nguí a bheith leithleasach. Níor chóir guí ach ar son rudaí a réitíonn le toil Dé.—1 Eoin 5:14.
5. Is féidir leat guí aon uair a spreagann do chroí tú le buíochas agus moladh a thabhairt do Dhia. (1 Croinicí 29:10-13) Ba cheart duit guí nuair a bhíonn deacrachtaí agat agus nuair a bhíonn do chreideamh faoi bhrú. (Salm 55:22; 120:1) Is rud feiliúnach go nguífeá sula n-íosfá do bhéilí. (Matha 14:19) Tugann Iehova cuireadh dúinn guí “ar gach ócáid.”—Eifisigh 6:18.
6. Tá sé ríthábhachtach go nguífimís má tá peaca tromchúiseach déanta againn. Ag am den sórt sin ba cheart dúinn trócaire agus maithiúnas a impí ar Iehova. Má admhaíonn muid ár bpeacaí dó agus má dhéanann muid ár ndícheall gan iad a dhéanamh arís, tá Dia “réidh le maithiúnas a thabhairt.”—Salm 86:5; Seanfhocal 28:13.
7. Ní éisteann Iehova ach le guí daoine atá fíréanta. Chun go dtabharfaidh Dia cluas do do ghuí-se, ní mór duit a bheith ag déanamh do dhíchill maireachtáil dílis dá dhlíthe. (Seanfhocal 15:29; 28:9) Ní mór duit a bheith umhal agus tú ag guí. (Lúcás 18:9-14) Caithfidh tú obair a chur isteach sa rud a nguíonn tú ar a shon. Ar an mbealach sin cruthóidh tú go bhfuil creideamh agat agus go bhfuil tú dáiríre faoin rud atá tú a rá. Faoi na cúinsí sin amháin a thabharfas Iehova freagra ar do ghuí.—Eabhraigh 11:6.