STAIDÉAR 2
Stíl Chomhráiteach
2 Corantaigh 2:17
ACHOIMRE: Labhair go nádúrtha agus macánta ó chroí ar bhealach a léiríonn an chaoi a mothaíonn tú faoin ábhar agus faoi do chuid éisteoirí.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
Ullmhaigh go cúramach trí ghuí. Iarr ar Iehova cabhrú leat díriú ar do theachtaireacht seachas díriú ort féin. Bíodh na príomhphointí ar eolas agat. Cuir do chuid pointí in iúl i d’fhocail féin; ná déan aithris orthu focal ar fhocal mar atá siad i gcló.
Labhair ó chroí. Smaoinigh ar an gcúis go gcaithfidh do chuid éisteoirí an teachtaireacht a chloisteáil. Dírigh orthusan. Ansin cuirfidh an bealach a n-iompraíonn tú thú féin, do ghothaí gnúise, do chneastacht agus do chairdiúlacht in iúl.
Féach ar do chuid éisteoirí. Coinnigh teagmháil súl nuair nach bhfuil sé maslach é sin a dhéanamh. Nuair a thugann tú caint, breathnaigh ar dhuine amháin sa lucht féachana ag an am, seachas a bheith ag breathnú thart ar an ngrúpa iomlán.