STAIDÉAR 4
Scrioptúir Curtha i Láthair go hÉifeachtach
Matha 22:41-45
ACHOIMRE: Ullmhaigh aigne d’éisteoirí sula léann tú scrioptúr.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
Oibrigh amach an chúis a bhfuil sé ar intinn agat an scrioptúr a léamh. Cuir gach scrioptúr i láthair ar bhealach a chabhróidh le d’éisteoirí an pointe ar mhaith leat béim a chur air a aimsiú.
Luaigh an Bíobla mar údarás. Nuair a bhíonn tú ag labhairt le daoine a chreideann i nDia, cuir ar a súile dóibh gurb í an Bíobla Briathar Dé, agus an fhoinse eagna is fearr dá bhfuil ann.
Spreag spéis sa scrioptúr. Fiafraigh ceist a fhreagróidh an scrioptúr, luaigh fadhb a réiteoidh an scrioptúr, nó luaigh prionsabal atá léirithe sa scrioptúr.