An Tionchar a Bhíonn ag Cogadh agus ag Coimhlint Fhoréigneach Orainn
“Tá an domhan ag tabhairt aghaidh ar an líon is airde de choimhlintí foréigneacha ón Dara Cogadh Domhanda i leith agus tá 2 billiún duine—an ceathrú cuid de dhaonra an domhain—ina gcónaí in áiteanna atá buailte ag an gcoimhlint.”
Leas-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Amina J. Mohammed, 26 Eanáir, 2023.
Is féidir le cogadh agus coimhlint fhoréigneach briseadh amach in áit a bhfuil síocháin faoi láthair. Tá cogadh in ann cur isteach ar dhaoine nach bhfuil ina gcónaí san áit ina bhfuil an cogadh. Bíonn an dochar atá déanta dá bharr le mothú fiú nuair atá an cogadh thart. Féach roinnt samplaí:
Ganntanas bia. De réir an World Food Programme, “is é an cogadh príomhchúis an ocrais. Tá 70 faoin gcéad de na daoine nach bhfuil a ndóthain bia acu ina gcónaí in áiteanna ina mbíonn coimhlintí.”
Fadhbanna meabhairshláinte agus fisiceacha. Is féidir le bagairt cogaidh agus an baol a thagann leis strus agus imní a chur ar dhaoine. Tá daoine a bhfuil cónaí orthu in áiteanna ina bhfuil cogadh i mbaol a ngortaithe agus tá fadhbanna meabhairshláinte acu freisin. Mar sin féin, is minic nach mbíonn seirbhísí leighis ar fáil dóibh.
Ag teitheadh óna dtithe. Ó Mheán Fómhair 2023, b’éigean do bhreis agus 114 milliún duine teitheadh óna dtithe, dar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe. Is é an cogadh agus an choimhlint fhoréigneach an phríomhchúis leis an ngéarchéim seo.
Cruatan eacnamaíochta. Is minic a chruthaíonn cogaí fadhbanna eacnamaíochta, mar shampla, cosnaíonn rudaí níos mó. D’fhéadfadh daoine a bheith thíos leis nuair a úsáidtear acmhainní an rialtais chun oibríochtaí míleata a mhaoiniú, in ionad cúram sláinte agus oideachas a chur ar fáil. Agus is mór an costas a bhaineann le hatógáil tar éis scrios an chogaidh.
Déanann cogadh dochar don domhan. Bíonn daoine ag fulaingt nuair a scriostar d’aon turas na hacmhainní nádúrtha a mbíonn siad ag brath orthu. Bíonn fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr uisce, aer agus ithir truaillithe agus leanann an baol ó mhianaigh talún fiú tar éis den chogadh a bheith thart.
Gan dabht, tá cogadh in ann go leor dochair a dhéanamh agus tá sé costasach.