Ní féidir leis an duine deireadh a chur le cogadh
An Bealach a gCuirfear Deireadh le Cogadh agus le Coimhlint Fhoréigneach
Deir an Bíobla gurb é Dia, ní an duine, a chuirfidh “cosc le cogaí ar fud na cruinne.”—Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile).
CUIRFIDH DIA DEIREADH LE RIALTAIS DHAONNA
Cuirfidh Dia deireadh le rialtais dhaonna ag an gcogadh a dtugann an Bíobla Harmagadón air.a (Apacailipsis 16:16) Ag an am sin, beidh “ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.” (Apacailipsis 16:14) Is é Harmagadón cogadh Dé a chuirfidh deireadh le gach cogadh.
Cuirfidh Dia a Ríocht, nó a rialtas, a rialóidh ó neamh agus nach scriosfar go deo in áit rialtais dhaonna. (Dainéil 2:44) Tá a Mhac, Íosa Críost, roghnaithe ag Dia le bheith ina Rí ar a Ríocht. (Íseáia 9:5, 6 [9:6, 7 i mBíoblaí eile]; Matha 28:18) Seo é an rialtas nó an Ríochtb ar mhúin Íosa dá lucht leanúna guí ar a shon. (Matha 6:9, 10) Beidh an cine daonna go léir aontaithe faoi rialtas domhanda amháin le hÍosa mar Rialtóir.
Ní ionann Íosa agus rialtóirí daonna, mar ní bhainfidh sé úsáid as a údarás chun a leas féin a chur chun cinn. De bhrí go bhfuil sé neamhchlaonta, ní bheidh ar aon duine a bheith buartha faoi neamhaird a bheith déanta air mar gheall ar cine, náisiúntacht nó cúlra eitneach. (Íseáia 11:3, 4) Ní bheidh ar dhaoine troid ar son a gcearta. Cén fáth? Mar go bhfuil suim ag Íosa i leas gach duine. “Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh. . . Saorfaidh sé a n-anam ón bhfeall is ón bhforéigean.”—Salm 72:12-14.
Gheobhaidh Ríocht Dé réidh le hairm mharfacha. (Míocá 4:3) Gheobhaidh sí réidh le daoine a dhiúltaíonn éirí as an troid nó a chuireann isteach ar shíocháin dhaoine eile. (Salm 37:9, 10) Mothóidh gach fear, bean, agus páiste sábháilte pé áit a dtéann siad.—Eizicéil 34:28.
Nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú, beidh saol foirfe ag gach duine. Cuirfidh sé deireadh le rudaí ar nós bochtaineacht, ocras, agus easpa tithíochta. Beidh bia folláin le n-ithe agus áit chompordach le cónaí ag gach duine.—Salm 72:16; Íseáia 65:21-23.
Leighisfear creachtaí an chogaidh faoi Ríocht Dé - an damáiste fhisiciúil, an damáiste meabhrach agus mothúchánach. Beidh aiséirí acu siúd a fuair bás agus beidh siad ar ais anseo ar an talamh. (Íseáia 25:8; 26:19; 35:5, 6) Tabharfar teaghlaigh le chéile arís agus beidh cuimhní cruálacha an chogaidh mar chuid de na rudaí nach meabhrófar feasta “ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.”—Íseáia 65:17
CUIRFIDH DIA DEIREADH LEIS AN bPEACA
Aontóidh Ríocht Dé daoine chun an t-aon Fhíor-Dhia Iehova a adhradhc, “Dia an ghrá agus na síochána.” (2 Corantaigh 13:11) Foghlaimeoidh daoine le maireachtáil go síochánta. (Íseáia 2:3, 4; 11:9) Beidh gach duine a chuireann an méid a fhoghlaimíonn siad i bhfeidhm saor ó thionchar an pheaca.—Rómhánaigh 8:20, 21.
CUIRFIDH DIA DEIREADH LE SÁTAN AGUS A CHUID DEAMHAIN
Scriosfaidh Ríocht Dé an dream ba chúis leis an gcogadh, Sátan agus a chuid deamhain. (Apacailipsis 20:1-3, 10) Beidh “síocháin agus fíréantacht” faoi bhláth nuair a bheidh a ndrochthionchar imithe.—Salm 72:7.
Is féidir leat a bheith muiníneach go gcomhlíonfar gealltanas Dé deireadh a chur le cogadh agus coimhlint fhoréigneach. Tá fonn air é a dhéanamh.
Tá an eagna agus an chumhacht ag Dia le deireadh a chur le cogadh agus foréigean. (Iób 9:4) Níl aon rud nach bhfuil sé in ann a dhéanamh.—Iób 42:2.
Is fuath le Dia daoine a fheiceáil ag fulaingt. (Íseáia 63:9) Chomh maith leis sin “is fuath leis fear an fhoréigin.”—Salm 11:5.
Coinníonn Dia a fhocal i gcónaí; ní féidir leis bréag a insint.—Íseáia 55:10, 11; Títeas 1:2.
Cuirfidh Dia síocháin bhuan i gcrích amach anseo.
Cuirfidh Dia deireadh le cogadh
a Léigh an t-alt “Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?” ar jw.org.
b Féach ar an bhfíseán Céard í Ríocht Dé? ar jw.org.
c Is é Iehova ainm pearsanta Dé.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile). Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa bhfoilseachán seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.