Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 183
  • Céard a Deir an Bíobla Faoi Chairdeas?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard a Deir an Bíobla Faoi Chairdeas?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard atá i gceist le bheith i do chara maith?
  • Céard iad roinnt sampla de charachtair an Bhíobla a raibh cairdeas maith eatarthu?
  • An féidir le duine a bheith ina chara ag Dia?
  • Roghnaigh Cairde a Bhfuil Grá Acu do Dhia
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Is Féidir Leat a Bheith i do Chara ag Iehova
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 183
Cairde atá aoiseanna éagsúla ina suí timpeall ar thine. Tá an giotár á sheinm ag duine acu.

Céard a Deir an Bíobla Faoi Chairdeas?

Freagraíonn an Bíobla

Is féidir le cairdeas cur le saol sona rathúil. Tá gá le cairde maithe mar spreagann siad a chéile go barr a gcumais agus cuireann siad le láidreachtaí a chéile.—Seanfhocail 27:17.

Cuireann an Bíobla béim ar an tábhacht a bhaineann le do chairde a roghnú go cúramach. Tugann sé foláireamh faoin tionchar a bhíonn ag droch-chomhluadar orainn. (Seanfhocail 13:20; 1 Corantaigh 15:33) Is féidir le droch-chairde muid a mhilleadh agus cur orainn cinntí amaideacha a dhéanamh.

San alt seo

  • Céard atá i gceist le bheith i do chara maith?

  • Céard iad roinnt sampla de charachtair an Bhíobla a raibh cairdeas maith eatarthu?

  • An féidir le duine a bheith ina chara ag Dia?

  • Véarsaí faoi chairdeas atá luaite sa mBíobla

Céard atá i gceist le bheith i do chara maith?

Múineann an Bíobla go gcaithfeadh dea-cairdeas a bheith bunaithe ar níos mó ná spéis a bheith againn sna rudaí céanna. Mar shampla, deir Salm 119:63: “Is cara mé do chách ar a mbíonn do eaglaa agus a choimeádann do phroiceapta (nó d’aitheanta).” Deir an scríbhneoir Bíobla gur roghnaigh sé cairde a raibh eagla Dé orthu agus dúil acu maireachtáil de réir a chuid caighdeáin.

Léiríonn an Bíobla na tréithe ar chóir a bheith ag cara maith. Mar shampla:

  • “Léiríonn fíorchara grá i gcónaí, Agus is deartháir é a bheirtear d’am na trioblóide.”—Seanfhocail 17:17; NWT

  • “[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.”—Seanfhocail 18:24.

Múineann na véarsaí seo go mbíonn cara maith dílis, grámhar, cneasta, agus flaithiúil. Is féidir braith ar thacaíocht chara maith nuair a bhíonn muid i gcruachás. Bheadh cara maith misniúil go leor chun labhairt suas má tá muid ar tí droch-chinneadh a dhéanamh.—Seanfhocail 27:9; Salm 141:5.

Céard iad roinnt sampla de charachtair an Bhíobla a raibh cairdeas maith eatarthu?

Tá samplaí sa mBíobla de dhaoine a raibh cairdeas maithe eatarthu beag beann ar a n-aois, a gcúlraí, ná a gcultúir. Déan machnamh ar na trí shampla seo.

  • Rút agus Náoimí. B’iníon-chéile le Náoimí í Rút, agus seans go raibh difríocht shuntasach ó thaobh aoise de eatarthu. Freisin, bhí cúlra cultúrtha Rút difriúil ó chúlra Náoimí. In ainneoin na ndifríochtaí seo, bhí dlúthcairdeas grámhar eatarthu.—Rút 1:16

  • Dáiví agus Iónátán. Cé go raibh Iónátán 30 bliain níos sine ná Dáiví, deir an Bíobla go raibh “anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví.”—1 Samúéil 18:1.

  • Íosa agus a aspail. Bhí Íosa ina mhúinteoir agus ina mháistir ar a chuid aspail. (Eoin 13:13) Ach níor mheas sé nach raibh a chairdeas tuillte acu. Bhí dlúthchaidreamh ag Íosa leo siúd a ghlac lena theagasc. Dúirt sé: “Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.”—Eoin 15:14, 15.

An féidir le duine a bheith ina chara ag Dia?

Is féidir le daoine a bheith ina gcairde ag Dia. Deir an Bíobla: “Is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.” (Seanfhocail 3:32) Bíonn Dia cairdiúil le daoine a dhéanann a ndícheall a bheith réasúnta, macánta, agus measúil, agus a dhéanann gach iarracht a chaighdeáin maireachtála a leanúint. Mar shampla, tugtar cara Dé ar an bhfear dílis Abrahám, sna scrioptúir.—2 Croinicí 20:7; Íseáia 41:8; Séamas 2:23.

a Léiríonn comhthéacs an tsailm seo go bhfuil “do eagla” sa véarsa seo ag tagairt do Dhia.

Véarsaí Bíobalta faoi chairdeas

Salm 119:63: “Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla, agus a choimeádann do phroiceapta.”

Brí: Ba chóir dúinn cairde a roghnú a adhrann Dia agus ar mian leo maireachtáil de réir a chuid caighdeáin.

Seanfhocail 3:32: “Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.”

Brí: Caithfidh daoine ar mian leo cairdeas a bheith acu le Dia drochiompar a sheachaint agus saol morálta glan a chaitheamh.

Seanfhocail 13:20: “An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.”

Brí: Bíonn tionchar dearfach nó diúltach ag an gcomhluadar a choinníonn siad ar dhaoine.

Seanfhocail 17:17: “Léiríonn fíorchara grá i gcónaí, Agus is deartháir é a bheirtear d’am na trioblóide.” NWT

Brí: Tacaíonn fíorchairde lena chéile ar an uair mhaith agus ar an drochuair.

Seanfhocail 18:24: “[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.”

Brí: Ní bheidh fíorchara ag faire le buntáiste a bhaint díot. Tá fíorchara dílis, iontaofa agus grámhar.

Seanfhocail 27:6: “Créachta gan ghoimh a thugann cara.”

Brí: Ní bheidh aon drogall ar chara maith muid a cheartú nuair is gá.

Seanfhocail 27:17: “Iarann a chuireann faobhar ar iarann; agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.”

Brí: Spreagann cairde maithe a chéile go barr a gcumais.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn