Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin bPósadh?
Freagraíonn an Bíobla
Tar éis dó an chéad fhear agus an chéad bhean a chruthú, bhunaigh Iehova an pósadh mar chaidreamh speisialta eatarthu rud a bheadh mar bhonn chloch an teaghlaigh.—Geineasas 1:27, 28; 2:18.
Tá Dia ag iarraidh go mbeadh lánúineacha pósta sona sásta. (Seanfhocail 5:18) Cuireann sé caighdeáin ar fáil sa mBíobla do lánúin phósta chomh maith le prionsabail a chabhraíonn leo pósadh sona a bheith acu.
San alt seo
An gcaithfear pósadh a chlárú go dleathach chun é a bheith ceadaithe ag Dia?
Céard iad na róil agus na freagrachtaí atá ar fhir agus mná céile de réir an Bhíobla?
An bhfuil Dia ag iarraidh ar lánúineacha pósta páistí a bheith acu?
Céard iad caighdeáin Dé maidir le pósadh?
Bheartaigh Dia ón tús gur idir fear amháin agus bean amháin a bheadh an pósadh. (Geineasas 2:24) Ní cheadaíonn Dia polagamas, gníomhartha homaighnéasach, ná lánúin a bheith ag cónaí le chéile gan pósadh. (1 Corantaigh 6:9; 1 Teasalónaigh 4:3) Mhúin Íosa dá lucht leanúna go raibh gá cloí le caighdeán Dé maidir le pósadh.—Marcas 10:6-8.
Dar le Dia, cruthaíonn an pósadh nasc buan. Nuair a phósann fear agus bean, geallann siad go mbeidh siad dílis dá chéile agus go bhfanfaidh siad le chéile chomh fada agus a bhíonn siad beirt beo. Tá Dia ag iarraidh go gcomhlíonfaidh siad an gealltanas sin.—Marcas 10:9.
Céard faoi idirscaradh agus colscaradh?
D’fhéadfadh go mbeadh amanna ann nuair a chaithfidh fear céile agus bean chéile a bheith scartha óna chéile, mar shampla nuair a chaitheann duine amháin acu taisteal chun cúram a dhéanamh d’éigeandáil teaghlaigh. Ach ní mholann an Bíobla idirscaradh de bharr go bhfuil fadhbanna sa bpósadh. Ina ionad sin, molann sé do lánúineacha sa chás sin oibriú le chéile ar a bpósadh.—1 Corantaigh 7:10.
Is é an t-adhaltranas an t-aon bhunús Scrioptúrtha amháin le haghaidh colscartha a fháil. (Matha 19:9) Mar sin, má bheartaíonn fear nó bean chéile scaradh óna chéile nó colscaradh a fháil ar chúis ar bith seachas adhaltranas, níl ceachtar den bheirt acu saor go Scrioptúrtha chun súil amach le duine éigin eile nó chun pósadh arís.—Matha 5:32; 1 Corantaigh 7:11.
An gá pósadh a chlárú go dleathach chun go mbeidh Dia sásta leis?
Tá Dia ag súil go gcloífidh Críostaithe le dlí na tíre maidir le pósadh. (Títeas 3:1) Nuair is féidir ba chóir go gcláródh lánúin a bpósadh go dleathach, mar nuair a dhéanann siad amhlaidh léiríonn siad meas ar rialtais dhaonna agus ar chaighdeáin Dé rud a léiríonn gur gealltanas buan é an pósadh.a
Céard iad na róil agus na freagrachtaí atá leagtha síos d’fhir agus do mhná céile de réir an Bhíobla?
Freagrachtaí roinnte. Ba chóir d’fhir chéile agus do mhná céile caitheamh le chéile go grámhar measúil. (Eifisigh 5:33) Ba chóir dóibh aire a thabhairt do riachtanais ghnéasacha a gcéile ar bhealach grámhar agus gach cineál mídhílseacht a sheachaint. (1 Corantaigh 7:3; Eabhraigh 13:4) Má tá leanaí acu, roinneann siad na freagrachtaí atá ag baint lena dtógáil.—Seanfhocail 6:20.
Ní phléann an Bíobla go mion an bealach ar chóir do lánúin phósta an obair laistigh agus lasmuigh den teach a roinnt. Is féidir leo an rud is fearr a oibreoidh dá dteaghlach a shocrú eatarthu féin.
Ról an fhir chéile. Deir an Bíobla go bhfuil “an fear ina cheann ar a bhean.” (Eifisigh 5:23) Tá sé ina cheann sa gciall is gur chóir dó a theaghlach a threorú agus cinntí a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe dá bhean chéile agus dá pháistí.
Ba chóir dó a chinntiú go dtugtar aire do riachtanais fhisiceacha, mothúchánacha agus spioradáltacht a theaghlaigh. (1 Tiomóid 5:8) Léiríonn sé go bhfuil meas aige ar tréithe agus ar cumais a mhná céile trí oibriú go dlúth léi agus trína cuid tuairimí agus a cuid mothúcháin a mheas go cúramach agus cinntí á ndéanamh aige. (Seanfhocail 31:11, 28) Deir an Bíobla gur cóir d’fhear céile cúram a dhéanamh dá fhreagrachtaí ar bhealach ghrámhar.—Colosaigh 3:19.
Ról na mná céile. Deir an Bíobla “tugadh an bhean ómós dá fear.” (Eifisigh 5:33) Bíonn Dia sásta nuair a léiríonn bean chéile meas ar an ról a thug sé dá fear.
Is é an ról atá aici ná tacú lena fear céile agus lena cheannaireacht, ag cabhrú leis le cinntí maithe a dhéanamh. (Geineasas 2:18) Tugann an Bíobla ardmholadh don bhean a chomhlíonann an ról tábhachtach seo sa bpósadh.—Seanfhocail 31:10.
An bhfuil Dia ag iarraidh ar lánúineacha pósta inniu leanaí a bheith acu?
Níl. San am a caitheadh, d’ordaigh Dia do chuid dá lucht adhartha leanaí a bheith acu. (Geineasas 1:28; 9:1) Ach ní bhaineann an t-ordú seo le Críostaithe. Níor ordaigh Íosa riamh dá lucht leanúna páistí a bheith acu. Ní dúirt aon duine dá dheisceabail ach an oiread go gcaithfidh lánúineacha pósta páistí a bheith acu. Is féidir le lánúineacha an cinneadh a dhéanamh dóibh féin cibé an mbeidh leanaí acu nó nach mbeidh.
Cén chaoi ar féidir leis an mBíobla cabhrú le mo phósadh?
Tá prionsabail sa mBíobla a chabhraíonn le lánúineacha tús maith a chur lena bpósadh. Is féidir le prionsabail an Bhíobla cabhrú le lánúineacha deacrachtaí a sheachaint nó a shárú.
Is féidir le prionsabail an Bhíobla cabhrú le lánúin phósta . . .
le fíorghrá a thaispeáint.—1 Corantaigh 13:4-7; Colosaigh 3:14.
a Le dearcadh an Bhíobla a fháil ar ghnáthphóstaí nó ar phóstaí treibhe, féach ar The Watchtower 15 Deireadh Fómhair, 2006, leathanach 21, alt 12.