Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Tá Contúirt ag Baint le Fearg
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
    • Cuireann ofráil Áibil fearg ar Cháin

      CEACHT 4

      Tá Contúirt ag Baint le Fearg

      Bhí go leor páistí ag Ádhamh agus Éabha tar éis dóibh imeacht as gairdín Éidin. Feirmeoir ab ea Cáin, a gcéad mhac, agus aoire ab ea Áibil, a ndara mac.

      Lá amháin rinne Cáin agus Áibil ofrálacha d’Iehova. An bhfuil a fhios agat céard é ofráil? Is bronntanas speisialta é a thugtar d’Iehova. Bhí Iehova sásta le bronntanas Áibil, ach ní raibh sé sásta le bronntanas Cháin. Chuir sé seo fearg mhór ar Cháin. Dúirt Iehova le Cáin smacht a fháil ar a chuid feirge sula ndéanfadh sé rud éigin as bealach. Ach níor thug Cáin aon aird air.

      Ansin dúirt Cáin le hÁibil: ‘Fág seo amach sa bpáirc in éineacht liom.’ Le linn dóibh a bheith amuigh sa bpáirc, d’ionsaigh Cáin a dheartháir agus mharaigh sé é. Céard a dhéanfadh Iehova faoi seo? Mar phionós ar Cháin, dhíbir Iehova i bhfad ó bhaile é. Ní raibh cead ag Cáin a theacht ar ais ní ba mhó.

      Siúlann Cáin i dtreo Áibil sa bpáirc

      Céard atá le foghlaim againn uaidh seo? B’fhéidir go mbeadh fearg orainne freisin, mura n-oibríonn rudaí amach mar ba mhaith linn. Ach má thagann fearg orainn—nó má thugann daoine eile faoi deara go bhfuil fearg orainn agus é a rá linn—ní mór dúinn smacht a fháil ar ár gcuid feirge sula bhfaighidh sí smacht orainn.

      De bhrí go raibh grá ag Áibil d’Iehova agus go ndearna sé an rud ceart, ní dhéanfaidh Iehova dearmad air. Tógfaidh Dia ó na mairbh é nuair a dhéanfaidh Sé parthas den talamh.

      “Déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála.”—Matha 5:24

      Ceisteanna: Cén t-ainm a bhí ar an mbeirt pháistí ba shine a bhí ag Ádhamh agus Éabha? Cén fáth ar mharaigh Cáin a dheartháir?

      Geineasas 4:1-12; Eabhraigh 11:4; 1 Eoin 3:11, 12

  • Áirc Naoi
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
    • Tógann Naoi agus a chlann an Áirc

      CEACHT 5

      Áirc Naoi

      De réir a chéile, mhéadaigh líon na ndaoine ar an talamh. Ba dhrochdhaoine iad a bhformhór. In imeacht ama, d’iompaigh cuid de na haingil amach go dona freisin. D’fhág siad a n-áit chónaithe ar neamh le teacht anuas ar an talamh. An bhfuil a fhios agat cén fáth a ndearna siad é sin? Bhí siad ag iarraidh cruth daonna a chur orthu féin sa gcaoi is go mbeidís in ann mná a phósadh.

      Bhí clann mhac ag na haingil leis na mná. Ba bhulaithe móra láidre a bhí sna mic seo, nuair a d’fhás siad suas. Bhídís ag gortú daoine. Níor lig Iehova cead do rudaí leanúint ar aghaidh mar a bhí. Bheartaigh sé na drochdhaoine go léir a scriosadh le díle.

      Tógann Naoi agus a chlann an Áirc agus ullmhaíonn siad bia

      Ach bhí fear maith amháin ann. Bhí grá aige d’Iehova. Naoi an t-ainm a bhí air. Bhí bean ag Naoi agus triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat. Bhí bean an duine ag an triúr mac. Dúirt Iehova le Naoi áirc mhór a thógáil chun é féin agus a chlann a choinneáil slán nuair a thiocfadh an Díle Mhór. Bosca mór millteach is ea áirc, atá in ann snámh ar uisce. Ansin dúirt Iehova le Naoi ainmhithe a thabhairt isteach san áirc, le go dtiocfaidís-san slán freisin.

      Thosaigh Naoi ag tógáil na háirce. Chaith Naoi agus a chlann tuairim is 50 bliain á tógáil. Thóg siad an áirc díreach mar a bhí leagtha síos ag Iehova dóibh. Le linn an ama sin, bhí Naoi ag tabhairt foláireamh do na daoine go raibh an Díle ag teacht. Ach níor éist aon duine leis.

      Faoi dheireadh, bhí sé in am a dhul isteach san áirc. Céard a tharla ansin?

      “Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.”—Matha 24:37

      Ceisteanna: Cén fáth ar bheartaigh Iehova an domhan a bhá le Díle Mhór? Céard a dúirt Iehova le Naoi a dhéanamh?

      Geineasas 6:1-22; Matha 24:37-41; 2 Peadar 2:5; Iúd 6

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn