Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 4
  • Uirísle

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Uirísle
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Pól
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?
  • Déan Aithris ar Phól
  • Bí Deisbhéalach
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 4

AG TOSÚ COMHRÁ

An t-aspal Pól, ceangailte do gharda, ag labhairt go measúil leis an Rí Aigripe, an Gobharnóir Féastas, agus Beirnicé.

Gníomhartha 26:​2, 3

CEACHT 4

Uirísle

Prionsabal: “Ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.”—Fil. 2:3.

An Méid a Rinne Pól

An t-aspal Pól, ceangailte do gharda, ag labhairt go measúil leis an Rí Aigripe, an Gobharnóir Féastas, agus Beirnicé.

FÍSEÁN: Craobhscaoileann Pól do Rí Aigripe

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Gníomhartha 26:​2, 3. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Cén chaoi ar léirigh Pól uirísleacht sa tslí ar labhair sé le Rí Aigripe?

  2. Cén chaoi ar tharraing Pól aird ar Iehova agus ar na Scrioptúir seachas ar féin?—Féach Gníomhartha 26:22.

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?

2. Tá ár dteachtaireacht níos tarraingtí nuair a chuireann muid i láthair go humhal measúil í.

Déan Aithris ar Phól

3. Labhair ar bhealach measúil. Ná bí ag cur an chuma ort féin go bhfuil a fhios agat chuile shórt agus nach bhfuil a fhios ag an duine eile tada. Labhair go measúil.

4. Bíodh sé soiléir go bhfuil gach atá á roinnt agat bunaithe ar an mBíobla. Is féidir le Briathar Dé dul i bhfeidhm ar chroíthe daoine. Nuair a úsáideann muid é, tá muid ag leagan síos bunchloch mhaith dá gcreideamh.

5. Fan séimh. Ná lean ort ag iarraidh a chruthú go bhfuil an ceart agat. Níl muid ag iarraidh a bheith ag argóint. Léirigh uirísleacht trí fanacht séimh agus bíodh a fhios agat nuair is ceart deireadh a chur leis an gcomhrá. (Sean. 17:14; Títeas 3:2) D’fhéadfadh freagra séimh an deis a chruthú le comhrá maith a bheith agat amach anseo.

FÉACH FREISIN

Rómh. 12:​16-18; 1 Cor. 8:1; 2 Cor. 3:5

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn