-
Cérbh É Iób?Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
-
-
CEACHT 16
Cérbh é Iób?
Mhair fear i dtír Úz a bhí umhal d’Iehova. Iób an t-ainm a bhí air. B’fhear saibhir a bhí ann agus bhí clann mhór air. Fear cineálta a bhí ann a thugadh cúnamh do na boicht, do mhná a raibh a bhfir básaithe agus do pháistí nach raibh aon tuismitheoirí acu. Bhíodh sé ag déanamh an chirt i gcónaí. Ar chiallaigh sé seo nach raibh aon fhadhbanna aige?
Bhí Sátan ag faire ar Iób i ngan fhios dó. Dúirt Iehova le Sátan: ‘An bhfaca tú mo shearbhónta Iób? Níl aon duine eile mar é ar an domhan. Éisteann sé liom agus déanann sé an rud ceart.’ D’fhreagair Sátan: ‘Cinnte tá Iób umhal duit. Beannaíonn tú é agus tugann tú aire dó. Tugann tú ainmhithe agus talamh dó. Tóg uaidh gach a bhfuil aige agus ní adhrfaidh sé thú níos mó.’ Dúirt Iehova: ‘Is féidir leat Iób a thástáil. Ach níl cead agat é a mharú.’ Cén fáth ar lig Iehova do Shátan teist a chur ar Iób? Mar bhí sé cinnte nach dteipfeadh ar Iób.
Thosaigh Sátan ag tástáil Iób. Ar dtús chuir Sátan ar dhream daoine ar a dtugtaí na Saibéanaigh ba agus asail Iób a ghoid. Ansin, maraíodh caoirigh Iób i dtine. Tháinig dream eile daoine ar a dtugtaí na Caildéigh agus ghoid siad a chuid camall. Maraíodh na searbhóntaí a bhí ag tabhairt aire do na hainmhithe. Ansin tharla an tubaiste ba mheasa fós. Thit an teach, a raibh clann Iób ag cóisir ann, anuas sa mullach orthu agus maraíodh iad. Bhí Iób croíbhriste, ach fós lean sé air ag adhradh Iehova.
Ach ní raibh Sátan sásta fós. Bhí sé ag iarraidh ar Iób tuilleadh a fhulaingt. Bhris neascóidí pianmhara amach ar Iób ó bhonn a choise go baithis a chinn. Bhí Iób i bpian. Ní raibh a fhios aige cén fáth a raibh na tubaistí seo go léir ag tarlú dó. Ach fós, lean Iób air ag adhradh Iehova. Chonaic Dia na dúshláin seo go léir, agus bhí sé an-sásta le hIób.
Ansin chuir Sátan triúr fear chun Iób a thástáil. Dúirt siad leis: ‘Is dócha gur pheaca tú agus go ndearna tú iarracht é a cheilt. Tá Dia ag cur pionóis ort.’ Dúirt Iób: ‘Ní dhearna mé dada as bealach.’ Ach ansin thosaigh sé ag smaoineamh gurbh é Iehova ba chúis lena chuid fadhbanna, agus dúirt sé nach raibh Dia ag tabhairt cothrom na féinne dó.
Bhí fear óg darbh ainm Eilíhiú ag éisteacht go foighneach leis an gcomhrá. Labhair sé agus dúirt: ‘Níl aon fhírinne sa méid atá ráite agaibh. Tá Iehova níos fearr ná mar a thuigeann muid. Ní féidir leis drochrud a dhéanamh. Feiceann sé gach ní, agus tugann sé cúnamh do dhaoine lena gcuid fadhbanna.’
Ansin labhair Iehova le hIób. Dúirt sé: ‘Cá raibh tú nuair a rinne mé neamh agus talamh? Cén fáth a bhfuil tú ag rá nach dtugaim cothrom na féinne duit? Tá tú ag caint, ach níl eolas agat ar gach ní.’ D’admhaigh Iób a bhotún agus dúirt: ‘Bhí mé mícheart. Chuala mé fút, ach anois tá aithne cheart agam ort. Tá a fhios agam nach bhfuil dada dodhéanta duit. Tá brón orm faoi gach a ndúirt mé.’
Nuair a bhí deireadh leis an teist, leigheas Iehova Iób, agus thug sé i bhfad níos mó dó ná mar a bhí aige roimhe sin. Bhí saol fada sona aige. Bheannaigh Iehova Iób de bhrí go raibh sé dílis Dó, fiú nuair nach raibh sé éasca aige. An leanfaidh tusa ort ag adhradh Iehova, mar a rinne Iób, fiú nuair nach mbíonn sé éasca?
“Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.”—Séamas 5:11
-
-
Roghnaigh Maois Iehova a AdhradhCeachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
-
-
CEACHT 17
Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
Is Iosraeilítigh a tugadh ar chlann Iacób san Éigipt. Tar éis d’Iacób agus d’Iósaef bás a fháil, thosaigh Faró nua ag rialú. Bhí faitíos air go raibh na hIosraeilítigh ag éirí níos cumhachtaí ná na hÉigiptigh. Mar sin rinne sé sclábhaithe de na hIosraeilítigh. Chuir sé iallach orthu oibriú go crua ag déanamh brící. Ach dá mhéad brú a chuir na hÉigiptigh orthu, is ea ba mhó a mhéadaigh líon na nIosraeilíteach. Níor thaitin sé sin le Faró, agus d’ordaigh sé na buachaillí nuabheirthe Iosraeilíteacha a mharú. Meas tú an raibh eagla ar na hIosraeilítigh?
Rugadh buachaillín beag álainn do bhean Iosraeilíteach darbh ainm Iócabad. Chun é a chosaint, chuir sí i gcléibhín é agus chuir sí i bhfolach sa bhféar fada é ar bhruach abhainn na Níle. D’fhan Miriám, deirfiúr an linbh, in aice láimhe go bhfeicfeadh sí céard a tharlódh.
Tháinig iníon Fharó chun í féin a fholcadh san abhainn agus chonaic sí an cléibhín. Bhreathnaigh sí isteach ann, agus chonaic sí an leanbh ag caoineadh agus bhí trua aici dó. D’fhiafraigh Miriám: ‘An bhfuil tú ag iarraidh orm bean a fháil duit chun an leanbh a chothú?’ ‘Táim,’ a dúirt sí. Ansin d’imigh Miriám agus fuair sí a máthair féin, Iócabad. Dúirt iníon Fharó léi: ‘Tóg leat an leanbh seo agus tabhair aire dó, agus íocfaidh mise as.’
Nuair a bhí an leanbh níos sine, thug Iócabad go dtí iníon Fharó é agus bhí sé mar mhac aici. Bhí saol an phrionsa ag Maois agus d’fhéadfadh sé a rogha rud a bheith aige. Ach ní dhearna Maois dearmad riamh ar Iehova. Bhí a fhios aige go maith nárbh Éigipteach é, ach Iosraeilíteach. Roghnaigh sé seirbhís a thabhairt d’Iehova.
Nuair a bhí Maois 40 bliain d’aois, bheartaigh sé cúnamh a thabhairt dá dhaoine. Nuair a chonaic sé Éigipteach ag bualadh sclábhaí Iosraeilíteach, bhuail sé an tÉigipteach agus mharaigh sé é. Chuir Maois an corp i bhfolach sa ngaineamh. Nuair a fuair Faró amach faoi, rinne sé iarracht Maois a mharú. Ach theith Maois go dtí tír Mhidián. Thug Iehova aire dó i Midián.
“Trí chreideamh níor thoil le Maois . . . go dtabharfaí mac iníon Fharó air. Óir b’fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé.”—Eabhraigh 11:24, 25
-