Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp20 Uimhir 2 leathanaigh 6-7
  • Cén Rí Atá Ar Ríocht Dé?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Rí Atá Ar Ríocht Dé?
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tá na Cáilíochtaí ag Íosa Críost
  • Céard is Ríocht Dé Ann?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
wp20 Uimhir 2 leathanaigh 6-7
Íosa ar a glúine, agus é ag leigheas bean aosta. Tá daoine de gach aois ag teacht chuige.

Cén Rí Atá Ar Ríocht Dé?

Chuir Dia ar chumas roinnt de scríbhneoirí an Bhíobla sonraí a scríobh síos a chabhródh linn an té a bheadh ina Rí ar Ríocht Dé a aithint. Bheadh an Rialtóir seo

  • Roghnaithe ag Dia. “Chuir mise mo rí féin i réimeas . . . tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.”—Salm 2:6, 8.

  • Ina oidhre ar Rí Dáiví. “Óir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn. . . Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo.”—Íseáia 9:5, 6 (9: 6, 7 i mBíoblaí eile).

  • Beirthe i mBeithil. “A Bheithil . . . , is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra . . . leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.”—Míocá 5:1, 3 (5:2, 4 i mBíoblaí eile).

  • Diúltaithe ag daoine agus curtha chun báis. “Ba tháir agus ba tharcaisne linn é. Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta.”—Íseáia 53:3, 5.

  • Tógtha ó mhairbh agus glóirithe. “Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil. . . . Tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.”—Salm 16:10, 11.

Tá na Cáilíochtaí ag Íosa Críost

Ní raibh ach duine amháin riamh cáilithe le bheith ina shár-Rialtóir; sin é Íosa Críost. Dúirt aingeal le Muire, máthair Íosa: “tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, . . . agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”—Lúcás 1:31-33.

Ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh Íosa ag rialú anseo ar an talamh. Tá sé chun an cine daonna a rialú ó neamh mar Rí ar Ríocht Dé. Cén fáth go mbeadh Íosa ina shár-Rialtóir? Smaoinigh ar an méid a rinne Íosa nuair a bhí sé ar an talamh.

  • Léirigh Íosa suim i ndaoine. Chabhraigh Íosa le hóg agus aosta, beag beann ar a gcúlra. (Matha 9:36; Marcas 10:16) Nuair a d’impigh lobhar: “Más áil leat é,. . . is féidir duit mé a ghlanadh.” Bhí trua ag Íosa dó agus leigheas sé é.—Marcas 1:40-42.

  • Mhúin Íosa dúinn le Dia a shásamh. Dúirt sé: “Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.” Dúirt sé freisin ‘nithe ar bith ar mhaith libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh.’ Léirigh sé go bhfuil suim ag Dia sa méid a dhéanann muid, sa gcaoi a smaoiníonn agus a mothaíonn muid. Mar sin chun Dia a shásamh, ní mór dúinn na mothúcháin is doimhne atá againn a smachtú. (Matha 5:28; 6:24; 7:12) Dúirt Íosa, go gcaithfidh muid fáil amach céard atá Dia a iarraidh orainn agus é a dhéanamh le bheith sona sásta.—Lúcás 11:28.

  • Theagasc Íosa faoi ghrá. Bhí briathra agus gníomhartha Íosa cumhachtach agus chuaigh siad i gcion go mór ar a lucht éisteachta. “Bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige.” (Matha 7:28, 29) Dúirt sé leo: “bíodh grá agaibh do bhur naimhde.” Ghuigh sé ar a son siúd a bhí freagrach as a bhás: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.”—Matha 5:44; Lúcás 23:34.

Tá na cáilíochtaí ag Íosa leis an domhan seo a rialú. Ach cén uair a thosaíonn sé ag rialú?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn