Uafás An Chogaidh
Tá cogaí ar cheann de na rudaí is measa a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhuine. Tá a fhios ag saighdiúirí agus sibhialtaigh ar fud an domhain faoin dochar uafásach a dhéanann cogaí.
SAIGHDIÚIRÍ
“Eachtraí tubaisteacha ag tarlú timpeall ort—gortuithe a athraíonn do shaol nó an bás. Tá baol ann i gcónaí.”—Gary, an Bhreatain.
“Bhuail piléar sa droim agus san éadan mé agus chonaic mé go leor daoine maraithe, leanaí agus seandaoine ina measc. Bíonn do chroí chomh crua le cloch de bharr cogadh.”—Wilmar, an Cholóim.
“Nuair a lámhaítear duine os do chomhair, ní imíonn an radharc sin as do cheann. Leanann an screadach agus an caoineadh ar aghaidh. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an duine sin.”—Zafirah, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
SIBHIALTAIGH
“Bhí mé ag ceapadh nach bhféadfainn a bheith sásta arís. Bíonn faitíos ort go marófar thú féin, do theaghlach nó do chairde.”—Oleksandra, An Úcráin.
“Tá sé scanrúil seasamh i scuaine le haghaidh bia ón 2:00 r.n. go dtí 11:00 i.n., gan a fhios agat nach mbuailfidh piléar strae thú.”—Daler, an Táidsíceastáin.
“D’fhág an cogadh i mo dhílleachta mé, gan aon duine le breathnú amach dom ná le sólás a thabhairt dom.”—Marie, Ruanda.
Cé gur fhulaing na daoine atá luaite thuas de bharr cogaidh, tá sólás agus síocháin acu anois. Ina theannta sin, tá siad cinnte go dtiocfaidh deireadh go luath le gach cogadh agus coimhlint fhoréigneach. Míneoidh an t-eagrán seo den Túr Faire atá bunaithe ar an mBíobla an bealach a dtarlóidh sé sin.