An Féidir Linn Deireadh a Chur le Cogadh agus le Coimhlint Fhoréigneach?
Bíonn daoine ag troid ar son go leor cúiseanna. Tá roinnt daoine ag troid ar son cearta polaitiúla, eacnamaíochta, athrú sóisialta nó chun seilbh a fháil ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha. Tá go leor coimhlint ag eascairt as difríochtaí eitneach nó creidimh. Céard atá á dhéanamh chun síocháin a bhaint amach? An féidir linn a bheith ag súil go n-éireoidh leis na hiarrachtaí seo?
Drazen_/E+ via Getty Images
FORBAIRT EACNAMAÍOCH
Sprioc: Caighdeán saoil an duine a fheabhsú. Laghdódh nó chuirfeadh sé seo deireadh le leatrom eacnamaíoch, ceann de na cúiseanna is mó le coimhlint.
An deacracht: Bheadh ar na rialtais an bealach ina gcaitheann siad airgead a athrú. I 2022, caitheadh thart ar 34.1 billiún dollar (U.S.) ar fud an domhain ag cothú na síochána. Mar sin féin, ní raibh ansin ach 0.4 faoin gcéad de chaiteachas míleata na bliana sin.
“Caitheann muid i bhfad níos mó airgid agus acmhainní ag bainistiú coimhlintí ná mar a chaitheann muid ag iarraidh cosc a chur orthu agus an tsíocháin a chur i réim.”—António Guterres, ardrúnaí na Náisiún Aontaithe.
Deir an Bíobla: Is féidir le rialtais agus institiúidí cabhrú leis na boicht, ach teipfidh orthu deireadh a chur leis an mbochtaineacht.—Deotranaimí 15:11; Matha 26:11.
TAIDHLEOIREACHT
Sprioc: Aighneas a stopadh nó a réiteach go síochánta trí idirphlé agus idirbheartaíocht a rachaidh chun leas an dá thaobh.
An deacracht: D’fhéadfadh sé nach mbeadh na páirtithe toilteanach dul i mbun cainteanna comhréiteach nó glacadh le comhaontú. Agus is furasta le comhaontuithe síochána titim as a chéile.
“Ní i gcónaí a éiríonn leis an taidhleoireacht. D’fhéadfadh comhaontú a bheith chomh lochtach sin gur tuilleadh coimhlinte a bheadh dá bharr.”—Raymond F. Smith, American Diplomacy.
Deir an Bíobla: Ba cheart do dhaoine a bheith “ag lorg na síochána.” (Salm 34:15 [34:14 i mBíoblaí eile]) Ach tá go leor daoine inniu “mídhílis, . . . gan iad sásta a theacht ar chomhaontú, . . . fealltach.” (2 Tiomóid 3:1-4; NWT) De bharr na tréithe seo teipeann ar cheannairí macánta coimhlint a réiteach.
DÍ-ARMÁIL
Sprioc: Airm a laghdú nó a dhíchur, go háirithe airm núicléacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha.
An deacracht: Is minic nach mbíonn náisiúin toilteanach dí-armáil mar go bhfuil eagla orthu go gcaillfidh siad cumhacht agus go bhfágfar i gcontúirt iad. Fiú má dhéanann na náisiúin dí-armáil fós féin beidh cúiseanna ag daoine le bheith ag troid.
“Níor comhlíonadh go leor de na gealltanais dí-armála a rinneadh ag deireadh an chogaidh fhuair, lena n-áirítear céimeanna praiticiúla chun contúirtí a laghdú, teannas idirnáisiúnta a mhaolú, agus muid a thabhairt níos gaire do dhomhan atá níos sábháilte.”—“Securing Our Common Future: An Agenda for Disarmament.”
Deir an Bíobla: Ba chóir do dhaoine airm a thréigean agus a gcuid claimhte a bhualadh “amach ina soic chéachta.” (Íseáia 2:4) Ach tá níos mó ag teastáil, mar tosaíonn an foréigean istigh i gcroí an duine.—Matha 15:19.
COMHSHLÁNDÁIL
Sprioc: Aontaíonn náisiúin comhoibriú chun a chéile a chosaint óna naimhde. Ceaptar nach gcuirfeadh náisiún tús le cogadh dá gcaithfeadh sé troid in aghaidh go leor náisiúin.
An deacracht: Ní chiallaíonn faitíos roimh dhíoltas go mbeidh síocháin ann. Ní chloíonn náisiúin lena ngealltanais i gcónaí, agus ní aontaíonn siad ar an gcaoi ná an uair le gníomhú.
“Cé go raibh páirt shuntasach ag comhshlándáil . . i gConradh na Náisiún agus tá sé corpraithe i gCairt na Náisiún Aontaithe, theip go hiomlán air sa dá chás.”—“Encyclopedia Britannica.”
Deir an Bíobla: Bíonn sé níos fearr nuair a bhíonn daoine ag cabhrú lena chéile. (Cóheilit 4:12) Mar sin féin, ní féidir linn a bheith ag brath ar institiúidí daonna le síocháin agus slándáil bhuan a chur i gcríoch. “Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.”—Salm 146:3, 4.
In ainneoin iarrachtaí go leor tá muid fós faoi bhrú ag cogadh.