Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp25 Uimhir 1 leathanaigh 10-13
  • An Bealach a gCuirfear Deireadh le Cogadh agus le Coimhlint Fhoréigneach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bealach a gCuirfear Deireadh le Cogadh agus le Coimhlint Fhoréigneach
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2025
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • CUIRFIDH DIA DEIREADH LE RIALTAIS DHAONNA
  • CUIRFIDH DIA DEIREADH LEIS AN bPEACA
  • CUIRFIDH DIA DEIREADH LE SÁTAN AGUS A CHUID DEAMHAIN
  • An Chúis go Leanann Cogadh agus Coimhlint Fhoréigneach ar Aghaidh
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2025
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Céard A Bhainfidh Ríocht Dé Amach?
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Tuilleadh
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2025
wp25 Uimhir 1 leathanaigh 10-13
Saighdiúir ag machnamh agus é ina shuí i measc smionagar cathrach atá scriosta ag cogadh.

Ní féidir leis an duine deireadh a chur le cogadh

An Bealach a gCuirfear Deireadh le Cogadh agus le Coimhlint Fhoréigneach

Deir an Bíobla gurb é Dia, ní an duine, a chuirfidh “cosc le cogaí ar fud na cruinne.”—Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile).

CUIRFIDH DIA DEIREADH LE RIALTAIS DHAONNA

Cuirfidh Dia deireadh le rialtais dhaonna ag an gcogadh a dtugann an Bíobla Harmagadón air.a (Apacailipsis 16:16) Ag an am sin, beidh “ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.” (Apacailipsis 16:14) Is é Harmagadón cogadh Dé a chuirfidh deireadh le gach cogadh.

Cuirfidh Dia a Ríocht, nó a rialtas, a rialóidh ó neamh agus nach scriosfar go deo in áit rialtais dhaonna. (Dainéil 2:44) Tá a Mhac, Íosa Críost, roghnaithe ag Dia le bheith ina Rí ar a Ríocht. (Íseáia 9:​5, 6 [9:​6, 7 i mBíoblaí eile]; Matha 28:18) Seo é an rialtas nó an Ríochtb ar mhúin Íosa dá lucht leanúna guí ar a shon. (Matha 6:​9, 10) Beidh an cine daonna go léir aontaithe faoi rialtas domhanda amháin le hÍosa mar Rialtóir.

Ní ionann Íosa agus rialtóirí daonna, mar ní bhainfidh sé úsáid as a údarás chun a leas féin a chur chun cinn. De bhrí go bhfuil sé neamhchlaonta, ní bheidh ar aon duine a bheith buartha faoi neamhaird a bheith déanta air mar gheall ar cine, náisiúntacht nó cúlra eitneach. (Íseáia 11:​3, 4) Ní bheidh ar dhaoine troid ar son a gcearta. Cén fáth? Mar go bhfuil suim ag Íosa i leas gach duine. “Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh. . . Saorfaidh sé a n-anam ón bhfeall is ón bhforéigean.”—Salm 72:​12-14.

Gheobhaidh Ríocht Dé réidh le hairm mharfacha. (Míocá 4:3) Gheobhaidh sí réidh le daoine a dhiúltaíonn éirí as an troid nó a chuireann isteach ar shíocháin dhaoine eile. (Salm 37:​9, 10) Mothóidh gach fear, bean, agus páiste sábháilte pé áit a dtéann siad.—Eizicéil 34:28.

Nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú, beidh saol foirfe ag gach duine. Cuirfidh sé deireadh le rudaí ar nós bochtaineacht, ocras, agus easpa tithíochta. Beidh bia folláin le n-ithe agus áit chompordach le cónaí ag gach duine.—Salm 72:16; Íseáia 65:​21-23.

Leighisfear creachtaí an chogaidh faoi Ríocht Dé - an damáiste fhisiciúil, an damáiste meabhrach agus mothúchánach. Beidh aiséirí acu siúd a fuair bás agus beidh siad ar ais anseo ar an talamh. (Íseáia 25:8; 26:19; 35:​5, 6) Tabharfar teaghlaigh le chéile arís agus beidh cuimhní cruálacha an chogaidh mar chuid de na rudaí nach meabhrófar feasta “ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.”—Íseáia 65:17

CUIRFIDH DIA DEIREADH LEIS AN bPEACA

Aontóidh Ríocht Dé daoine chun an t-aon Fhíor-Dhia Iehova a adhradhc, “Dia an ghrá agus na síochána.” (2 Corantaigh 13:11) Foghlaimeoidh daoine le maireachtáil go síochánta. (Íseáia 2:​3, 4; 11:9) Beidh gach duine a chuireann an méid a fhoghlaimíonn siad i bhfeidhm saor ó thionchar an pheaca.—Rómhánaigh 8:​20, 21.

CUIRFIDH DIA DEIREADH LE SÁTAN AGUS A CHUID DEAMHAIN

Scriosfaidh Ríocht Dé an dream ba chúis leis an gcogadh, Sátan agus a chuid deamhain. (Apacailipsis 20:​1-3, 10) Beidh “síocháin agus fíréantacht” faoi bhláth nuair a bheidh a ndrochthionchar imithe.—Salm 72:7.

Is féidir leat a bheith muiníneach go gcomhlíonfar gealltanas Dé deireadh a chur le cogadh agus coimhlint fhoréigneach. Tá fonn air é a dhéanamh.

  • Tá an eagna agus an chumhacht ag Dia le deireadh a chur le cogadh agus foréigean. (Iób 9:4) Níl aon rud nach bhfuil sé in ann a dhéanamh.—Iób 42:2.

  • Is fuath le Dia daoine a fheiceáil ag fulaingt. (Íseáia 63:9) Chomh maith leis sin “is fuath leis fear an fhoréigin.”—Salm 11:5.

  • Coinníonn Dia a fhocal i gcónaí; ní féidir leis bréag a insint.—Íseáia 55:​10, 11; Títeas 1:2.

Cuirfidh Dia síocháin bhuan i gcrích amach anseo.

Teaghlach ag gáire le chéile agus iad ina suí ar bharr cnoic ar dhomhan atá ina pharthas. Tá capaill ar féarach in aice láimhe.

Cuirfidh Dia deireadh le cogadh

Cén fáth ar cheadaigh Dia cogaíocht?

B’fhéidir go bhfuil tú ag ceistiú na cúise ar lig Dia cead do chogaí leanúint ar aghaidh go dtí seo. Chun freagra na ceiste sin a fháil, féach ar an bhfíseán Cén Fáth a gCeadaíonn Dia An Fhulaingt? ar jw.org.

a Léigh an t-alt “Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?” ar jw.org.

b Féach ar an bhfíseán Céard í Ríocht Dé? ar jw.org.

c Is é Iehova ainm pearsanta Dé.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile). Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa bhfoilseachán seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn