Iób
35 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2 An dóigh leat gur chóir duit
A rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?
3 Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse?
Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”
4 Tabharfaidh mise freagra ort féin
Agus ar do chairde chomh maith.
5 Féach suas chun na spéartha, agus feic;
Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.
6 Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é?
Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó?
7 Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air?
Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?
8 Do chomharsa a bhíonn thíos le d’urchóid,
Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.
9 Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,
Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.
10 Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,
An té a thugann fóirithint san oíche,
11 Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.
Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
12 Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,
De bharr dhíomas na n-urchóideach.
13 Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,
Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.
14 Deir tú: “Ní fheiceann sé mé;
Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!”
15 Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm,
Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.”
16 Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal,
Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.