Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 36
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
An Bíobla Naofa
Iób 36:1-33

Iób

36 Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:

2 Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit,

Óir tá breis le rá agam ar son Dé.

3 Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin

Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.

4 Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de,

Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.

5 Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;

6 Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta.

Tugann sé a chuid don bhocht,

7 Agus cosnaíonn cearta an fhíréin.

Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach,

Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,

8 Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad,

Go daingean i mbraighdeanas an anró.

9 Fógraíonn sé a mbearta dóibh,

Agus peacaí an uabhair a rinne siad.

10 Cuireann sé cogar ina gcluais,

Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.

11 Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,

Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,

Agus a mblianta deiridh go sochma.

12 Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad,

Agus buaileann an bás iad gan choinne.

13 Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú

Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.

14 Faigheann siad bás ina n-óige,

Nó caitheann siad saol náireach;

15 Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n-ainnise,

Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.

16 Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin;

Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn,

Agus sólais mhéithe ar do bhord.

17 Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;

Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.

18 Seachain agus ná mealladh maoin thú,

Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.

19 Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,

Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.

20 Ná satail ar na daoine nach aithnid duit

D’fhonn do ghaolta a chur ina n-áit.

21 Seachain agus ná claon leis an olc,

Mar sin é is cúis dáiríre le d’anró.

22 Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,

Cé is teagascóir mar é?

23 Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?

Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?

24 Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;

Bhí siad go minic ina n-ábhar molta ag daoine.

25 Is soiléir iad don saol mór,

Agus tá radharc orthu ón imigéin.

26 Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n-eolas;

Níl áireamh ar líon a bhlianta.

27 Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach

Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;

28 Bíonn na scamaill á sceitheadh

Ina dtuilte ar an gcine daonna.

29 Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill,

Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?

30 Leathann sé a cheo ina thimpeall,

Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.

31 Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú,

Agus a dháileann sé bia go fial.

32 Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám,

Agus tugann treoir di i leith na sprice.

33 Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht;

Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn