Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 37
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
An Bíobla Naofa
Iób 37:1-24

Iób

37 Suaitheann sé seo mo chroí féin,

Agus preabann sé anonn ionam.

2 Éist le glór a ghutha,

Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.

3 Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire,

Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.

4 Búireann a ghuth ina diaidh,

Agus torann maorga a thoirní.

Ní chuireann sé srian lena [thintreach],

Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.

5 Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha,

Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.

6 Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!”

Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”

7 Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine,

I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.

8 Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais,

Agus i bhfolach ina bpruchóg.

9 Tagann an t-anfa óna áras theas,

Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.

10 Sí anáil Dé a thugann an leac oighir,

Agus fágann sin na linnte lána téachta.

11 Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta;

Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.

12 Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,

Agus stiúraíonn sé a n-athruithe sa séasúr.

Géilleann siad dá orduithe go beacht

Ar fud an domhain mhóir,

13 Cibé acu a [sheolann sé iad] d’fhonn ciníocha na cruinne a phionósú,

Nó d’fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

14 Éist leis sin uile, a Iób!

Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!

15 An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,

Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?

16 An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,

Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t-iontas seo?

17 Tusa a mbíonn d’éadach te le do chneas,

Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,

18 An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadh

Agus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?

19 Múin dúinn cad tá le rá againn

Mar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.

20 An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt?

An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé?

21 Téann an solas ar ceal ar uaire

Ar chúl na scamall dorcha;

Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad,

22 Agus leathann gile ón aird thuaidh.

Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;

23 Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn.

Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime

Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.

24 Ní ionadh gurb eagal le daoine é,

Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn