Sailm
Imirce Iosrael as an Éigipt
114 Alleluia.
Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach,
teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha,
2 rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá,
agus tharla Iosrael ina ríocht aige.
3 Chonaic an mhuir agus theith sí;
agus chas an Iordáin ar ais.
4 Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí,
agus na cnocáin ar nós uan óg.
5 Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú?
Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?
6 Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí,
agus a chnocána, ar nós uan óg?
7 Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna;
creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,
8 a chlaochlaigh an charraig ina linn,
agus an aill ina foinse uisce.