Sailm
Ollchumhacht agus Ollmhaitheas Dé
115 Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne,
ach do d’ainmse is dleacht an moladh
as ucht do bhuanghrá agus d’fhírinne.
2 Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”
3 Is ar neamh atá ár nDiana;
gach uile ní is áil leis, déanann sé é.
4 Ór agus airgead a n-íolasan,
agus saothar láimhe an duine.
5 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;
tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.
6 Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada;
tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.
7 Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní;
tá cosa acu ach ní thig leo siúl;
ní thagann aon ghlór óna scornach.
8 Is ionann cás do lucht a ndéanta
agus do chách a chuireann a ndóchas iontu.
9 Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10 Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
11 Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12 Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;
beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13 Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,
idir mhion agus mhór in éineacht.
14 Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,
sibhse agus bhur gclann go léir.
15 Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh
ón té a rinne neamh agus talamh.
16 Is leis an Tiarna amháin na flaithis;
ach thug sé an talamh don duine.
17 Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna,
ná an drong a ghabhann síos san uaigh.
18 Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna,
anois agus go brách na breithe.