Sailm
Altú Buíochais
116 Alleluia.
Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna,
toisc gur éist sé le mo ghuí;
2 toisc gur chrom sé chugam a chluas,
nuair a ghaireas air.
3 Bhí dola an bháis i mo thimpeall,
agus pianpháis na huaighe;
casadh anró agus anacair i mo threo.
4 Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.
“A Thiarna, fóir ar m’anam!”
5 Is ceansa an Tiarna agus is cóir;
is trócaireach é ár nDia.
6 Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;
bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
7 Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,
mar roinn an Tiarna go maith leat.
8 Óir sciob sé m’anam ón mbás,
agus mo shúile ó dheora,
agus mo chosa ó thuisliú.
9 Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;
i bhfearann na mbeo.
10 Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:
“Tá mé buartha go mór.”
11 Nuair a dúirt mé le corp eagla:
“Is bréagach gach aon neach.”
12 Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
13 Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,
gairfidh mé ainm an Tiarna.
14 Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail.
15 Is luachmhar i láthair an Tiarna
bás a fhíréan.
16 Is mise do ghiolla, a Thiarna,
sea, is mac do chailín aimsire;
scaoil tú mo chuibhreacha.
17 Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;
gairfidh mé ainm an Tiarna.
18 Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail,
19 i gcúirteanna áras an Tiarna
i gceartlár Iarúsailéim.