Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 148
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Salm 148:1-14

Sailm

Moladh leis an Tiarna

148 Alleluia.

Molaigí an Tiarna ó na flaithis,

molaigí é sna spéartha!

2 Molaigí é, a aingle Dé,

Molaigí é, a shluaite go léir!

3 Molaigí é, a ghrian is a ghealach,

molaigí é, a réaltaí lonracha!

4 Molaigí é, a fhlaitheasa is airde,

agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!

5 Molaidís ainm an Tiarna,

le hordú uaidh a cruthaíodh iad.

6 Shocraigh sé go brách iad;

thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

7 Molaigí an Tiarna ón talamh,

a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!

8 A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,

a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,

9 a shléibhte agus a chnoca uile,

a chranna toraidh agus a chéadrasa!

10 A ainmhithe allta agus clóis,

a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!

11 A ríthe agus a náisiúna na cruinne,

a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!

12 A ógánacha agus a chailíní,

a sheanóirí agus a leanaí le chéile,

13 molaigí ainm an Tiarna!

óir is é amháin is airde,

agus sáraíonn a ainm

neamh agus talamh in éineacht.

14 D’ardaigh sé neart a phobail;

bíonn a naoimh uile á mholadh;

molann clann Iosrael é,

an pobal atá ina fhogas.

Alleluia!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn