Sailm
Amhrán Bua
149 Alleluia.
Canaigí amhrán nua don Tiarna;
moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.
2 Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir;
bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.
3 Molaidís a ainm le rince;
déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.
4 Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;
tugann sé an bua do lucht na huirísle.
5 Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;
canaidís le lúcháir ina leapacha.
6 Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;
agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.
7 D’fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha,
agus diansmacht a chur ar na náisiúin,
8 D’fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha,
agus a n-uaisle i ngeimhleacha iarainn,
9 D’fhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh;
is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.