Sailm
Mórmholadh Dé
150 Alleluia.
Molaigí Dia ina ionad naofa!
Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta!
2 Molaigí é as ucht a éachtaí!
Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!
3 Molaigí é le séideadh an stoic!
Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach!
4 Molaigí é le teampán is le rince!
Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb!
5 Molaigí é le clagarnach na gciombal!
Molaigí é le ciombail chlingíneacha!
6 An uile dhúil bheo dá bhfuil ann,
moladh sé an Tiarna! Alleluia.