Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 56
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Salm 56:1-13

Sailm

Muinín as an Tiarna

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.

56 [56:2] Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm;

imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.

2 [56:3] Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí,

is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.

3 [56:4] Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,

4 [56:5] ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair.

As Dia atá mo mhuinín gan eagla,

Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

5 [56:6] Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí;

níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.

6 [56:7] Tionólann siad le chéile in oirchill orm;

téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.

7 [56:8] [Cúitigh] a n-urchóid leo, a Dhia,

déan na ciníocha a chloí i do chuthach.

8 [56:9] Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán;

tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal;

nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?

9 [56:10] Cuirfear mo naimhde ar gcúl

an uair a ghlaofaidh mé ort,

óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.

10 [56:11] As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,

11 [56:12] as Dia atá mo mhuinín gan eagla;

cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

12 [56:13] Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit;

toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,

13 [56:14] toisc gur tharrthaigh tú m’anam ón mbás

agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú,

ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé,

is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn