Sailm
Croí Diongbháilte
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
57 [57:2] Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat
óir is ort atá tarraingt m’anama.
Ar scáth do sciathán atá mo thriall
nó go dtéann an anachain seo tharam.
2 [57:3] Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:
ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
3 [57:4] Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;
go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,
go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
4 [57:5] Tá m’anam ina luí i measc leon
a d’alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.
Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,
is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
5 [57:6] Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;
bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
6 [57:7] Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa;
rinneadar mé a ísliú.
Thochail siad clais romham amach;
ach thit siad féin inti.
7 [57:8] Tá mo chroí go daingean, a Dhia;
tá mo chroí go daingean.
Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
8 [57:9] Múscail, a anam liom!
Músclaígí, a chláirseach is a chruit!
Músclóidh mé féin an maidneachan.
9 [57:10] Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna:
molfaidh mé thú i measc na náisiún.
10 [57:11] Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas
agus do dhílse chun na spéartha.
11 [57:12] Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;
bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.