Sailm
Dia ár nDídean
Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.
62 [62:2] I nDia amháin atá m’anam ar a shuaimhneas;
is uaidh a thagann mo chúnamh.
2 [62:3] Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;
ní dhéanfar mo bhogadh.
3 [62:4] Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine,
sibh go léir d’fhonn a bhriste,
mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é,
nó fál ar tí titim?
4 [62:5] Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár;
is áil leo an t-éitheach.
Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor
agus an mhallacht ina gcroí.
Selah
5 [62:6] Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom,
óir is ann atá mo dhóchas.
6 [62:7] Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;
ní dhéanfar mo bhogadh.
7 [62:8] Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir;
is carraig chumhachtach agus díon dom é.
8 [62:9] Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal;
ligigí rún bhur gcroí leis.
Is é Dia ár ndídean.
Selah
9 [62:10] Níl san Ádhamhchlann ach puth anála,
níl sna huaisle ach bréag;
nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile
ná an phuth anála féin.
10 [62:11] Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht
ná bhur maíomh san fhoghail.
Má dhéantar bhur maoin a mhéadú
ná santaigí in bhur gcroí í.
11 [62:12] Aon uair amháin a labhair Dia,
dhá ní a chuala mé;
gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
12 [62:13] agus gur leatsa an buanghrá,
agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neach
de réir a shaothair.